An Rannóg um Chothabháil Tithe
Scéim Tacaíochta do Thionóntaí 2025
Cuirtear fáilte roimh iarratais ar an Scéim Tacaíochta do Thionóntaí 2025
Ní mór duit a bheith i do thionónta de chuid Chomhairle Contae Chill Dara chun a bheith incháilithe iarratas a dhéanamh agus ní mór do chuntas cíosa a bheith cothrom le dáta.
Is é cuspóir na scéime seo cabhrú le tionóntaí Údaráis Áitiúil oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar a dteach.
- Is féidir an Scéim Tacaíochta do Thionóntaí a úsáid chun fuinneoga agus doirse lochtacha, aonaid cistine lochtacha nó córais téimh a athsholáthar, nó le haghaidh mionoibreacha eile.
Tabharfar tosaíocht d’oibreacha feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh amhail gloiniú, insliú, teaschaidéil nua etc.
Is féidir foirmeacha iarratais agus sonraí breise a iarraidh anois ó:
- Seirbhísí Custaiméara Chomhairle Contae Chill Dara 045-980200
- An Rannóg Tithíochta 045-980998
- Ríomhphost: tenantsupportscheme@kildarecoco.ie
- https://kildarecoco.ie/AllServices/Housing/TenantInformation/
Ní mór iarratais chomhlánaithe agus meastacháin a sheoladh ar ais chuig an Scéim Tacaíochta do Thionóntaí 2025, Cothabháil Tithíochta, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara faoi 5:00 p.m. Dé hAoine, 16 Bealtaine 2025.
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha nó neamhiomlána.