Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin na mBóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra de réir Alt 75 d’Acht na mBóithre, 1993 agus Rialacháin na mBóithre, 1994 go ndúnfaidh sí an bóthar seo a leanas le linn na seachtaine ón Dé Luain, 28 Aibreán 2025 go dtí an Dé hAoine, 2 Bealtaine 2025, an dá lá sin san áireamh, chun oibreacha bóthair a éascú mar chuid de Scéim Ghlasbhealach na Canálach Ríoga (Maigh Nuad go Confaí).
Uimh. |
Bóthar le bheith Dúnta |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon uair ar leith) |
|
1 |
L-1025 Bóthar Chill Mochriodóg Íochtarach |
R148 Maigh Nuad – Acomhal Bhóthar Léim an Bhradáin |
L-5057 Acomhal Bóthar Chill Mochriodóg Uachtarach |
5 lá |
|
Bealach Eile: Trácht ón R148 (ag taisteal i dtreo Dhroichead Deey/Lock 13) Ba chóir leanúint ar aghaidh ag taisteal ar feadh an R148 i dtreo Léim an Bhradáin go dtí acomhal an R148/R449. Ag acomhal R148/R449, cas ar dheis ar dhébhealach an R449 agus lean ort ag taisteal go dtí an timpeallán. Ag an timpeallán tóg an tríú slí amach (a bhfuil comhartha Chill Mochriodóg air) isteach ar bhóthar L-5057. Trácht ón L-5057 (ag taisteal i dtreo Dhroichead Deey/Lock 13) Ba chóir leanúint ar aghaidh ag taisteal feadh an bhóthair L-5057 i dtreo Léim an Bhradáin go dtí an timpeallán ag débhealach an R449. Ag an timpeallán tóg an chéad slí amach (a bhfuil comhartha Léim an Bhradáin/Maigh Nuad air) ar dhébhealach an R449. Lean ar aghaidh go dtí an t-acomhal R148/R449, cas ar chlé ar an R148 (i dtreo Mhaigh Nuad). |
|
Cuirfear bealaí atreoraithe in iúl go soiléir, mar a aontaíodh leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochána. Coimeádfar rochtain éigeandála agus rochtain áitiúil shrianta.