Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin na mBóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara, thar ceann Westin Homes Ltd., fógra de réir Alt 75 d’Acht na mBóithre, 1993 agus Rialacháin na mBóithre, 1994 go ndúnfaidh sí an bóthar seo a leanas Dé Luain, an 5 Bealtaine 2025 go dtí Dé Luain, an 28 Iúil 2025 chun Tógáil Timpealláin ar an R407 ag pointe ITM;687477,728536 (lárphointe an timpealláin) a éascú, i gcomhar le tógáil an Bhóthair Ceangail nua tríd an eastát tithíochta atá á thógáil ag Móinéir Bhóthar an Chóiste, Claonadh, Co. Chill Dara.
Uimh. |
Bóthar le bheith Dúnta |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (Ag aon uair ar leith) |
|
1 |
Lána an Chip Dhuibh |
R407 (Cill Choca/Bóthar Chlaonta) |
Páirc an Chip Dhuibh |
12 Sheachtain |
|
Bealaí eile: |
De réir an phlean bainistíochta tráchta dar dáta 20.03.2025 feadh an R407 agus an R403 trí Chlaonadh.
|
||||
Beidh comharthaí soiléire ar bhealaí atreoraithe, mar a comhaontaíodh leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochána. Coimeádfar rochtain éigeandála agus rochtain áitiúil shrianta.