Imeacht athchúrsála saor in aisce 2024 do Phéint Dramhaíola Tí á óstáil ag Comhairle Contae Chill Dara
Beidh Comhairle Contae Chill Dara - i gcomhpháirtíocht leis an Oifig Réigiúnach um Fhorfheidhmiú Dramhaíola agus leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide - ag reáchtáil imeacht athchúrsála saor in aisce do phéint dramhaíola tí. Tá sé mar aidhm ag an imeacht cabhrú le teaghlaigh athchúrsáil a dhéanamh agus dumpáil a laghdú ar fud Chontae Chill Dara. Beidh an imeacht ar siúl in Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, W91 X77F Dé Sathairn 28 Meán Fómhair 2024 idir 9am agus 2pm.
Moltar do theaghlaigh an deis seo a thapú agus dramhaíl den chineál seo a ghlanadh amach agus a chur de láimh go freagrach.
Ar an lá, glacfar leis na nithe seo a leanas lena n-athchúrsáil saor in aisce agus beidh cuótaí teaghlaigh i bhfeidhm:
- Péint dramhaíola i gcannaí plaisteacha nó miotail – 25 lítear ar a mhéad in aghaidh an tseachadta.
Ní ghlacfar leis na nithe seo a leanas le linn an imeachta:
- Aon chineál eile ola, gréisc, breoslaí, dúch nó táirgí eile den chineál céanna
- Dramhaíl ó Oibreoirí Tráchtála
- Dramhaíl ó Chuideachtaí Carthanachta
Is féidir nithe i gcatagóir dramhaíola nach dtagann faoin scéim seo a athchúrsáil mar is gnách ag aon Ionad Fóntas Poiblí le linn gnáthuaireanta oibre.