Ollscoil Mhá Nuad agus Comhairle Contae Chill Dara ag teacht le chéile chun an Chomhdháil ‘Saolta Bhríde’ a óstáil
Ag Ceiliúradh Oidhreacht Naomh Bríd
07 Lúnasa 2024: Tiocfaidh Ollscoil Mhá Nuad agus Comhairle Contae Chill Dara le chéile i mí Mheán Fómhair chun an chomhdháil ‘Saolta Bhríde’ a óstáil. Beidh an chomhdháil ar siúl ar an 13 agus 14 Meán Fómhair, agus tabharfar na príomhshaineolaithe acadúla ar Naomh Bríd le chéile den chéad uair le beagnach scór bliain. Deis uathúil is ea é seo le bunús stairiúil Naomh Bríd agus stair a hEaglaise i gCill Dara a iniúchadh.
Déanann an t-imeacht seo comóradh ar 1500 bliain ó cailleadh Naomh Bríd agus tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil scoláirí agus díograiseoirí a thabhairt le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar oidhreacht shaibhir duine de na naomhphátrúin Éireannacha is mó a thaitníonn le daoine.
Ag an gcomhdháil, déanfar iniúchadh ar shaol agus ar ré Naomh Bríd agus ar a hEaglais i gCill Dara ón 5ú go dtí an 9ú haois. Beidh cainteoirí clúiteacha ó gach cearn den domhan i láthair ag an gcomhdháil, atá á chur in eagar ag an Dr Niamh Wycherley de chuid Ollscoil Mhá Nuad (Roinn na Sean-Ghaeilge) lena n-áirítear na hacadóirí agus saineolaithe an tOllamh Catherine McKenna ó Ollscoil Harvard, an tOllamh David Stifter ó Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Thomas Owen Clancy ó Ollscoil Ghlaschú agus go leor cainteoirí eile. Tabharfaidh gach cainteoir léargas agus saineolas ar leith do lucht na comhdhála le linn dóibh iniúchadh a dhéanamh ar an móroidhreacht a bhaineann le Naomh Bríd agus lena hEaglais i Cill Dara.
Dúirt Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chill Dara, "Tá an-áthas orainn comhoibriú le hOllscoil Mhá Nuad ar an ócáid thábhachtach seo, a cheiliúrann saol Naomh Bríd agus a leagann béim freisin ar an tábhacht atá lenár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú tríd an bplé acadúil agus trí rannpháirtíocht an phobail". (Aistrithe go Gaeilge)
Dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Eeva Leinonen, “Is ábhar bróid dúinn an chomhdháil seo a óstáil i mí Mheán Fómhair agus fíorchaoin fáilte a chur roimh aíonna ó chian is ó chóngar a bheidh anseo chun oidhreacht eisceachtúil Naomh Bríd a iniúchadh. Tá taighde dár gcuid dírithe ar chúrsaí Oidhreachta, Cultúir agus Teanga, agus, dá réir sin, tá saineolas faoi leith againn sa réimse seo agus táimid ag súil leis an malartú tuairimí agus leis na féidearthachtaí a bheidh mar thoradh ar an gcomhdháil seo”. (Aistrithe go Gaeilge)
Chomh maith leis sin, dúirt an tOllamh David Stifter ó Ollscoil Mhá Nuad, “Tugann an chomhdháil seo deis do Roinn na Sean-Ghaeilge na príomhshnáitheanna taighde a dhéantar againn i Má Nuad a thabhairt le chéile agus a chur i láthair. Is é sin taighde ar ábhair ina gcuireann cuid mhór daoine lasmuigh de lucht na hacadúlachta an-spéis: stair reiligiúnach agus intleachtúil Éire na Meánaoise Luaithe agus stair an traidisiúin scríofa is luaithe sa Ghaeilge agus atá ar fáil san ogham”.
Is clár cuimsitheach é Brigid 1500 a eagraíonn Comhairle Contae Chill Dara agus is é aidhm an chláir seo saol agus oidhreacht Naomh Bríd a cheiliúradh agus a chomóradh.
Beidh ‘Saolta Bhríde’ ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad Dé hAoine 13 agus Dé Sathairn 14 Meán Fómhair. Más mian leat tuilleadh eolais nó sonraí maidir le clárúchán a fháil do ‘Shaolta Bhríde’, tabhair cuairt ar www.brigid1500.ie