Iarrann Ollscoil Mhá Nuad i gcomhar le Comhairle Contae Chill Dara iarratais le haghaidh Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge don bhliain acadúil 2024 – 25.
Tá Ollscoil Mhá Nuad i gcomhar le Comhairle Contae Chill Dara ag lorg iarratas ó scríbhneoirí a bhfuil réimse saothar Gaeilge foilsithe acu agus a bheadh oiriúnach don ról mar scríbhneoir cónaithe. Mairfidh an tréimhse chónaitheachta ó Dheireadh Fómhair 2024 go dtí Deireadh Fómhair 2025.
Dearadh an ról mar scríbhneoir cónaithe chun deis a thabhairt do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne a bheith ag plé le scríbhneoirí Gaeilge aitheanta, agus, chomh maith leis sin, chun deis a thabhairt do na scríbhneoirí a dtionscadail féin a chur chun cinn. Oirfidh an post seo do scríbhneoirí Gaeilge a bhíonn ag plé leis an bhfilíocht nó leis an bprós cruthaitheach.
Is féidir teacht ar níos mó eolais faoin ról seo mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge ach cuairt a thabhairt ar: https://shorturl.at/YKUEo
Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost ní mór úsáid a bhaint as Tairseach Earcaíochta Ollscoil Mhá Nuad agus na treoracha ar fad a leanúint.
Tá an post cómhaoinithe ag Ollscoil Mhá Nuad, Clár Éire Ildánach agus Comhairle Contae Chill Dara.
23:30 Dé Domhnaigh, 22 Meán Fómhair 2024 an t-am agus dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.