Seolann Comhairle Contae Chill Dara Clár Spreagúil d'Oíche Chultúir 2024
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Chill Dara an clár cultúrtha spreagúil imeachtaí d'Oíche Chultúir 2024 a fhógairt. Beidh na himeachtaí ar siúl Dé hAoine 20 Meán Fómhair 2024 ó 4 i.n. go déanach san oíche.
Ócáid bhliantúil uileoileáin is ea an Oíche Chultúir - meandar náisiúnta is ea an oíche seo a shoilsíonn gach gné den chultúr, den chruthaitheacht agus de na healaíona. Is é an aidhm atá ag Oíche Chultúir ná cur, ar bhealach gníomhach, leis an tuiscint gur cultúr saibhir, éagsúil beo beathach atá againn in Éirinn, agus go ndéantar an cultúr luachmhar sin a chothú i saol daoine, ar bhonn laethúil, sa lá atá inniu ann. Cuirtear clár d’Oíche Chultúir ar fáil ar fud na tíre i gcathracha, i mbailte, i sráidbhailte, i gceantair thuaithe, ar líne agus i gcomhar le comhpháirtithe um Oíche Cultúir sna meáin chumarsáide. Ar an Oíche Chultúir, osclaítear na doirse ó 4 i.n. go déanach san oíche, agus déantar imeachtaí faoi leith agus uathúla a sceidealú go speisialta ag na hionaid agus láithreacha atá rannpháirteach. Tá na himeachtaí go léir ar fáil don phobal saor in aisce – rud a thugann deis don lucht féachana gníomhaíochtaí cultúrtha éagsúla a cheiliúradh, páirt iomlán a ghlacadh iontu agus taitneamh agus tairbhe a bhaint astu.
Gach bliain, glacann na mílte grúpaí agus daoine aonair páirt san Oíche Chultúir fud fad Chontae Chill Dara. Le cúpla mí anuas, cuireadh gliondar orainn nuair a tháinig iarratais chugainn - ó gach cearn den chontae - uathu siúd ar mian leo a gcuid buanna, a gcultúr, a gcruthaitheacht agus a n-ábhair spéise a roinnt leis an bpobal i gcoitinne ar an Aoine 20 Meán Fómhair. Léiríonn clár na bliana seo éagsúlacht na n-ealaíon agus an chultúir i gCill Dara agus trí mheán an chláir, cothaítear oscailteacht agus spreagtar rannpháirtíocht, léirítear meas ar an gcomhionannas, ar an ionchuimsiú, agus ar inrochtaineacht agus éagsúlacht. Aon oíche amháin do chách a bheas ann!
Tá clár iomlán na n-imeachtaí agus na n-ionad d’Oíche Chultúir Chill Dara 2024 ar fáil @ www.culturenight.ie/kildare
COIMISIÚNAITHE d’OÍCHE CHULTÚIR 2024
Mar chuid den cheiliúradh ar Oíche Chultúir an chontae, tá roinnt tionscadal spreagúil don phobal coimisiúnaithe ag Seirbhís Ealaíon Chill Dara. Cuimsíonn na tionscadail sin foirmeacha ealaíne éagsúla a chuirfear i láthair fud fad an chontae.
In Ionad Ealaíon an Riverbank (Riverbank Arts Centre), cuirfidh Gustavo de Morais agus Robson Rocha, dísreach Brasaíleach, ceolchoirm uirlise dhraíochtúil dar teideal ‘Essas Mulheres’ i láthair. Tá an cheolchoirm tiomanta do shaothar cumadóirí ban na Brasaíle a cheiliúradh.
Beidh turas bus treoraithe ag fágáil ón Droichead Nua, agus tabharfaidh an Speisialtóir Ealaíne Poiblí, Rina Whyte, léargas do phaisinéirí an bhus ar shaothair ealaíne poiblí i gContae Chill Dara.
I Leabharlann Bhaile Átha Í, trí mheán amhrán agus scéalta Leonard Cohen, taibhléireoidh John MacKenna agus Angela Keogh iniúchadh drámatúil ceoil ar chogaíocht, ar shíocháin agus ar thrócaire.
Ag Gairdíní Pobail Chill Dara, beidh deis ag daoine scileanna traidisiúnta ceardaíochta a shealbhú, i gceardlanna éagsúla agus i dtimpeallacht álainn, le linn tráthnóna lán le spraoi, ceol agus cruthaitheacht.
Cuirfidh Leabharlann agus Ionad Cultúrtha an Náis an taispeántas ‘Truck Art in Irish Apparel’ de chuid Qandeel Kafeel i láthair. Foirm bhríomhar ildaite ealaíne a bhfuil tóir uirthi sa Phacastáin a spreag an taispeántas seo.
Ag Tionscadal ACRE i gCill Droichid, tabharfaidh ‘Off the Record’ meascán eicléictiúil ealaíontóirí ó sheánraí éagsúla le chéile ar mhaithe le taibhléiriú agus comhrá a dhéanamh faoin bpróiseas cruthaitheach, agus chun na scéalta a spreag a n-amhráin a roinnt leis an lucht féachana.
Tá seinnteoirí ucailéile de dhíth orainn. Beidh na seinnteoirí ucailéile ag bualadh fúthu ar an mBus Mór Buscála Ucailéile a bheidh ag imeacht ón Nás agus a thiomáinfear suas síos na sráideanna. An aidhm a bhaineann leis an imeacht seo ná spraoi ceolmhar a chur ar fáil do dhaoine nach mbeadh ábalta rochtain a fháil ar imeacht Oíche Chultúir murach an Bus Mór.
Más mian leat a chinntiú go mbeidh spás ar fáil duit ag ócáid nó imeacht faoi leith agus más mian leat a chinntiú nach mbeidh díomá ort, deimhnigh leis an ionad nó eagraí más gá (nó mura gá) áirithint a dhéanamh roimh ré.
Bí páirteach sa chomhrá ar Chainéil Meán Sóisialta Sheirbhís Ealaíon Chill Dara:
Facebook: Na hEalaíona i gContae Chill Dara, @kildareartsservice
X: Seirbhís Ealaíon Chill Dara, @ArtsInCoKildare
Instagram: Seirbhís Ealaíon Chill Dara, @arts_in_co_kildare
YouTube: Seirbhís Ealaíon Chill Dara
#CultureNight #OícheChultúir
#OneNightForAll #OícheDárSaol
Más mian leat fiosruithe a dhéanamh, déan teagmháil le Comhordaitheoir Oíche Chultúir Chill Dara, Sheena Malone ag culturenightkildare@gmail.com, nó glaoigh ar +353 (0)45 980872.
Is í an Chomhairle Ealaíon, i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí cultúrtha ar fud oileán na hÉireann, a chuireann an Oíche Chultúir ar fáil.