Scéim Sparánachtaí Oideachais 2026
Fógraíonn Comhairle Chontae Chill Dara trí sparánacht oideachais do 2026
Tá Comhairle Contae Chill Dara ag bronnadh trí sparánacht, a chuirtear ar fáil chun deis a thabhairt le staidéar a dhéanamh ag an tríú leibhéal, do dhaoine nach mbeadh i riocht cúrsa staidéir a dhéanamh mar gheall ar mhíbhuntáiste tromchúiseach nó míchumas. Seo a leanas na sparánachtaí:
- Sparánacht William G. Carroll atá dírithe ar chúrsaí tríú leibhéal i réimse na forbartha pobail den chuid is mó, ach gan bheith teoranta don réimse sin.
- Sparánacht Oideachais Chill Dara do dhaoine atá faoi mhíchumas atá dírithe ar chúrsa tríú leibhéal ar bith.
- Sparánacht Chuimhneacháin Chomhairle Contae Chill Dara do scoileanna DEIS atá dírithe ar chúrsa tríú leibhéal ar bith atá á dhéanamh ag iardhalta scoil DEIS.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine atá ina gcónaí i gContae Chill Dara agus ar mian leo cúrsa céime a dhéanamh in institiúid aitheanta tríú leibhéal in Éirinn. Ba chóir go mbeadh an cúrsa atá á dhéanamh ag leibhéal bunchéime. De ghnáth, ní bhíonn sparánachtaí ar fáil do chúrsaí iar-Ardteistiméireachta ná do chúrsaí iarchéime, ach breithneofar iarratais cás ar chás.
Ní chuirfidh cáiliú do dheontas SUSI bac ar bhronnadh sparánachta.
Is féidir tuilleadh eolais maidir leis na sparánachtaí agus foirmeacha iarratais a fháil ón suíomh gréasáin ag an seoladh thíos: https://kildarecoco.ie/AllServices/Community/CommunityGrants/EducationBursaries/.
Teileafón: 045 980763.
Ríomhphost: grants@kildarecoco.ie.
Dé Luain an 29 Meitheamh 2026 an dáta oscailte d’iarratais agus Dé hAoine an 18 Meán Fómhair 2026 ag 5:00 p.m. an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.











