Tugann Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Dara cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith do Lá Éire Ag Léamh
Déan ceiliúradh ar an léitheoireacht, Dé Sathairn, 28 Feabhra
3 Feabhra 2026: Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Dara a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus muid ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre, a bhfuil mar aidhm aige daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra. Cuirfear buaic-chríoch ar an bhfeachtas le Lá Éire Ag Léamh ar an Satharn, 28 Feabhra.
Déanann an feachtas seo, atá mar chuid de chlár Éire Shláintiúil an rialtais, ceiliúradh ar na buntáistí a bhaineann leis an léitheoireacht agus spreagtar an léitheoireacht le haghaidh folláine agus sásaimh. Is é 'Téigh ar Strae i Leabhar Maith' an téama le haghaidh 2026, agus tugann Seirbhís Leabharlainne Chill Dara cuireadh do dhaoine sna haoisghrúpaí ar fad am a chur ar leataobh le sult a bhaint as cumhacht na scéalaíochta, na samhlaíochta agus na fionnachtana.
Cuirfear réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí saor in aisce ar fáil do na haoisghrúpaí uile ar fud Chontae Chill Dara le linn mhí Feabhra. Tá clár iomlán na n-imeachtaí ar fáil ag Events | Kildare Library Service.
Dúirt Gillian Allen, Leabharlannaí an Chontae, Comhairle Contae Chill Dara : "Tá ríméad orainn an feachtas náisiúnta a chur ar fáil dár bpobal le ceiliúradh a dhéanamh ar an léitheoireacht. Tá réimse iontach gníomhaíochtaí agus imeachtaí curtha ar fáil le linn mhí Feabhra chun Éire ag Léamh a cheiliúradh agus chun béim a chur ar an ról tábhachtach atá ag an ngníomhaíocht dhearfach seo maidir le saol sásta a chothú do dhaoine. Léiríonn na gníomhaíochtaí agus imeachtaí seo clár gnóthach buan a chuirtear ar fáil i Leabharlanna Chill Dara. Tá muid ag spreagadh daoine de gach aois le cuairt a thabhairt orainn i rith mhí Feabhra, sásamh a bhaint as seirbhísí leabharlainne agus a bheith páirteach san fheachtas."
“Cuireann an léitheoireacht lenár n-aigne, laghdaíonn sí an strus, agus nascann sí muid leis na smaointe agus scéalta a mhúnlaíonn muid. Osclaíonn sí doirse chuig eolas, samhlaíocht, agus tacaíonn sí leis an bhfolláine i ndomhan gnóthach na linne seo. Tá ballraíocht leabharlainne saor in aisce agus bíonn áthas orainn cabhrú le daoine atá ag lorg ábhair ar suim leo a léamh. Is éard atá i gceist le ‘Éire Ag Léamh’ ná daoine a spreagadh le sos a thógáil chun sásamh a bhaint as tairbhí na léitheoireachta agus spreagann muid daoine le cuairt a thabhairt orainn agus a bheith rannpháirteach.” (Aistrithe go Gaeilge)
Dúirt Amanda Branigan, Cathaoirleach Mheitheal Éire Ag Léamh: "Is deis álainn í Éire Ag Léamh le ceiliúradh a dhéanamh ar an scíth-léitheoireacht agus leis an sonas agus buntáistí a bhaineann le leabhair a chur i gcuimhne do dhaoine. Is spásanna fáilteacha iad leabharlanna do gach duine, áit a mbíonn na mílte leabhar agus ríomhleabhar de gach seánra ar fáil. Spreagann muid daoine ar fud na tíre chun sos a thógáil i mí Feabhra agus cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil, moltaí léitheoireachta a fháil agus glacadh le ballraíocht saor in aisce. Téigh ar strae i leabhar maith an Feabhra seo agus bíodh an léitheoireacht mar ghníomhaíocht shláintiúil i do shaolsa."
Cuma más léitheoir thú le fada an lá nó más le déanaí a tháinig tú ar shonas na léitheoireachta an athuair, beidh rud éigin á chur ar fáil do chách ag leabharlanna Chill Dara i mí Feabhra.
Glac páirt sa chomhrá ar líne trí na haischlibeanna #ÉireAgLéamh agus #AbairLiomDulArStrae a úsáid, clibeáil Seirbhís Leabharlainne Chill Dara agus léirigh conas mar atá Éire Ag Léamh á cheiliúradh agat féin!











