Seirbhísí do Bhunscoileanna
Services to Primary Schools
Kildare Library Service offers a wide range of supports to primary schools across the county, helping teachers, pupils, and parents make the most of their local library. From class visits and teacher loan cards to specialist collections, research guidance, and tailored learning resources, our branches work in partnership with schools to enhance literacy, creativity, and discovery. Below is an overview of the services available to primary schools across the county.
Cuireann Seirbhís Leabharlainne Chill Dara réimse leathan tacaíochtaí ar fáil do bhunscoileanna ar fud an chontae, ag cabhrú le múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí leas iomlán a bhaint as a leabharlann áitiúil. Ó chuairteanna ranga agus cártaí iasachta do mhúinteoirí go bailiúcháin speisialtóra, treoir taighde agus acmhainní foghlama saincheaptha, oibríonn ár mbrainsí i gcomhpháirtíocht le scoileanna chun litearthacht, cruthaitheacht agus fionnachtain a chur chun cinn. Tá forbhreathnú thíos ar na seirbhísí atá ar fáil do bhunscoileanna ar fud an chontae.

Class Visits to the Library
Each Kildare library branch accommodates class visits from schools in the catchment area of that library, arranged locally in advance.
Cuairteanna ranga ar do bhrainse leabharlainne
Freastalaítear i ngach brainse leabharlainne i gCill Dara ar chuairteanna ranga a thugann scoileanna i scoilcheantar na leabharlainne sin, a eagraítear roimh ré go háitiúil.
Teacher Cards
Every primary teacher in your school is entitled to receive a teacher’s card, on request, from our library service. This card allows teachers to borrow items for their class with additional limits and loan periods.
Cártaí leabharlainne múinteora
Tá gach múinteoir bunscoile i do scoil i dteideal cárta mhúinteora a fháil, ar iarraidh sin, ónár seirbhís leabharlainne. Ceadaíonn an cárta seo do mhúinteoirí earraí a fháil ar iasacht dá rang.
Presentations to Schools
Kildare Library Service can provide a presentation on our library services on request, and at a time agreed with the school principal, as part of in-service training, or at your school to teachers, pupils, or parents.
Cuir i láthair do scoileanna
Is féidir le Seirbhís Leabharlainne Chill Dara cur i láthair a dhéanamh ar sheirbhísí leabharlainne ar iarraidh sin, agus ag am a aontaítear leis an bpríomhoide scoile, mar chuid d’oiliúint inseirbhíse, nó ag do scoil do mhúinteoirí, daltaí nó tuismitheoirí.

Reading Spaces
A reading space for children will be available in the partnered library branch as well as access to electronic resources.
Spásanna léitheoireachta
Beidh spás léitheoireachta ar fáil do leanaí sa bhrainse leabharlainne atá i bpáirt linn agus cuirtear acmhainní leictreonacha ar fáil freisin.
Class Sets
Kildare Libraries can provide you with 35 class set titles to use in your class room. Please contact your local branch for more information.
Bailiúcháin ranga
Is féidir le Leabharlanna Chill Dara 35 bailiúchán ranga a chur ar fáil duit lena n-úsáid i do seomra ranga. Déan teagmháil le do bhrainse áitiúil chun teacht ar eolas breise.
Global Goals Class Sets
Chosen to reflect and explore one or more of the 17 United Nations Sustainable Development Goals (SDGs). Each book in the set is supported by tailormade resources and worksheets, designed to deepen understanding and spark classroom discussion.
Bailiúcháin ranga Spriocanna Domhanda
Roghnaíodh iad seo chun ceann amháin nó níos mó de 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) a phlé agus a fhiosrú. Tacaíonn acmhainní agus bileoga oibre saindeartha le gach leabhar sa bhailiúchán, atá ceaptha cur leis an tuiscint agus plé sa seomra ranga a spreagadh.

Reference and Research Guidance
The library branch can provide reference resources and research assistance to pupils and teachers for school project work.
Treoir maidir le tagairtí agus taighde
Is féidir leis an mbrainse leabharlainne acmhainní tagartha agus cúnamh taighde a thabhairt do dhaltaí agus múinteoirí d’obair thionscadail scoile.
Local History
The local studies department of the library service can provide access to a wide range of historical material about your local area, including maps, photographs, documents and information.
Stair áitiúil
Cuirtear teacht ar fáil i roinn staidéir áitiúil na leabharlainne ar réimse fairsing ábhar staire faoi do cheantar áitiúil, léarscáileanna, grianghraif, doiciméid agus eolas san áireamh.
Resources for Parents
Parents can be introduced to the range of library resources and activities available to support their children’s literacy and numeracy skills development.
Acmhainní do thuismitheoirí
Is féidir tuismitheoirí a chur ar an eolas ar an réimse acmhainní agus gníomhaíochtaí leabharlainne atá ar fáil chun tacú le forbairt scileanna litearthachta agus uimhearthachta a leanaí.

STEAM
The Kildare Libraries STEAM Programme gives local children an opportunity to explore and engage with science, technology, engineering, arts and maths. We work with primary schools offering workshops and talks both online and in person, all free of charge.
ETIEM
Tugann Clár ETIEM Leabharlanna Chill Dara deis do leanaí áitiúla an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht, na healaíona agus an mhatamaitic a fhiosrú agus dul i ngleic leo. Oibrímid le bunscoileanna ag tairiscint ceardlanna agus cainteanna ar líne agus ar an láthair, go hiomlán saor in aisce.
Toys, Technology & Training (TTT)
The TTT Collection provides sensory and assistive toys and technology to support children with learning difficulties, disabilities, or more significant needs. Teachers and Special Needs Assistants can borrow items on behalf of their school. A referral letter from the school principal is required when registering for a school TTT card.
More information: kildarelibraries.ie/ttt
Bréagáin, Teicneolaíocht agus Oiliúint (BTO)
Cuirtear bréagáin agus teicneolaíocht chéadfach agus chúnta ar fáil sa bhailiúchán bréagán, teicneolaíochta agus oiliúna chun tacú le leanaí a bhfuil deacrachtaí foghlama nó riachtanais níos mó acu nó atá faoi mhíchumas. Is féidir le múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta earraí a fháil ar iasacht thar ceann a scoile. Teastaíonn litir atreoraithe ón bpríomhoide scoile nuair a chláraítear do chárta TTT cárta.
Eolas breise: kildarelibraries.ie/ttt