Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Na Rialacháin um Bhóithre, 1994
Tugann an Chomhairle Contae Chill Dara, thar ceann John Cradock Ltd., fógra i gcomhréir le hAlt 75 d’Acht na mBóithre, 1993 agus na Rialacháin um Bhóithre, 1994 go ndúnfar an bóthar seo a leanas ar an Luan, an 20 Bealtaine 2024 go dtí an Aoine, an 24 Bealtaine 2024 chun éascú a dhéanamh ar na hoibreacha feabhais ag Droichead Herberton, atá mar chuid de Thionscadal Barrow Blueway.
Uimh. |
Bóthar le bheith Dúnta |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon uair ar leith) |
1 |
R415 |
Fiodh Alúine |
Cill Maodhóg |
8:00 a.m. go 5:00 p.m. |
Bealaí Eile: Cuirfear bealach atreoraithe ar fáil ó acomhal an R415 Fiodh Alúine tríd an R403, ag dul isteach ar acomhal an R409 ag Páirc Ghnó na Coille Duibhe, ag dul ar aghaidh ar an L7081 ag dul thar Baile Mhaoilir agus ag críochnú ag acomhal Chill Maodóg den R415. |
Beidh comharthaí bóithre na malairtí treo le feiceáil go soiléir, mar a aontaíodh leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochana. Coimeádfar rochtain éigeandála agus rochtain theoranta áitiúil.