Fógra Poiblí Faoi Bhráid Úinéirí Talún/Áititheoirí
Faoi Acht na mBóithre, 1993, tá sé d’oibleagáid ar úinéirí talún agus áititheoirí réadmhaoine atá tadhlach le bóithre poiblí a chinntiú nach guais iad, agus nach bhféadfadh gur guais iad, crainn, toir, fálta ná fásra eile do dhaoine a úsáideann an bóthar poiblí nó a oibríonn air.
Is ar úinéir na talún ar a bhfuil crainn, fálta, toir agus fásra ag fás cois bóthair atá an fhreagracht caoi a choinneáil orthu. Mar sin, ní mór d'úinéirí talún a chinntiú go gcoinnítear caoi ar chrainn, fálta agus fásra eile le nach guais iad d'úsáideoirí bóthair is nach gcuireann siad isteach ar chothabháil an bhóthair. Ba chóir aire a thabhairt a oiread agus is féidir le sábháilteacht úsáideoirí bóithre a chinntiú agus an obair seo á déanamh.
Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra 1976 arna leasú ag an Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000 agus an tAcht Oidhreachta 2018, i dtaca le fálta a ghearradh agus le fásra a ghlanadh le linn shéasúr goir na n-éan ó Dé Sathairn, 1 Márta 2025 go dtí Dé Domhnaigh, 31 Lúnasa 2025. Is féidir fálta sceach a ghearradh idir Meán Fómhair agus Feabhra nuair atá siad suanach.
“Ó Dé Sathairn, 1 Márta 2025 go dtí Dé Domhnaigh, 31 Lúnasa 2025, tá srianta ar ghearradh fálta agus ar ghlanadh fásra ar thailte neamhshaothraithe i bhfeidhm. Is ar mhaithe le héin ghoir a chosaint atá na srianta seo i bhfeidhm. Leagann na hAchtanna um Fhiadhúlra 1976 agus 2018 amach sonraí na srianta seo."