Scéimeanna Sparánachta Oideachais do 2025
Fógraíonn Comhairle Chontae Chill Dara Trí Scéim Sparánachta Oideachais Do 2025
Tá Comhairle Contae Chill Dara ag bronnadh trí sparánacht, atá ceaptha chun deis a thabhairt staidéar a dhéanamh ag an tríú leibhéal, do dhaoine nach mbeadh in ann cúrsa staidéir a dhéanamh mar gheall ar mhíbhuntáiste tromchúiseach nó míchumas. Seo a leanas na sparánachtaí seo:
- Is do chúrsaí tríú leibhéal i réimse na forbartha pobail den chuid is mó, ach ní go heisiach, atá Sparánacht William G. Carroll.
- Is d’aon chúrsa tríú leibhéal ar bith é Sparánacht Oideachais Chill Dara do dhaoine atá faoi mhíchumas.
- Is le haghaidh aon chúrsa tríú leibhéal atá á dhéanamh ag iar-dhalta scoile DEIS atá Sparánacht Chuimhneacháin Chomhairle Contae Chill Dara do scoileanna DEIS.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine atá ina gcónaí i gContae Chill Dara agus ar mian leo cúrsa céime a dhéanamh in institiúid aitheanta tríú leibhéal in Éirinn. Ba chóir go mbeadh an cúrsa atá á dhéanamh ag leibhéal bunchéime. De ghnáth ní bhíonn sparánachtaí ar fáil do chúrsaí iar-Ardteistiméireachta ná do chúrsaí iarchéime, ach breithneofar iarratais ar bhonn cás ar chás.
Ní chuirfidh cáiliú do dheontas SUSI bac ar dhámhachtain sparánachta.
Is féidir tuilleadh eolais a bhaineann leis na sparánachtaí agus foirmeacha iarratais a fháil ón seoladh thíos.
https://kildarecoco.ie/AllServices/Community/CommunityGrants/EducationBursaries/
Teileafón: 045 980763
Ríomhphost: grants@kildarecoco.ie
Is é Dé Luain an 7ú Iúil an dáta oscailte d’iarratais agus is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná Dé hAoine an 12 Meán Fómhair 2025 ag 5:00 p.m.