Bain súp as Seachtain na Bithéagsúlachta 2025 le Comhairle Contae Chill Dara
15 Bealtaine 2025: Tugann Comhairle Contae Chill Dara cuireadh oscailte do gach duine le dúlra agus fiadhúlra Chontae Chill Dara a iniúchadh agus taitneamh a bhaint as an mbithéagsúlacht le linn Sheachtain na Bithéagsúlachta, ón Satharn 17 Bealtaine go dtí an Domhnach 25 Bealtaine.
Cuirfear tús leis an tseachtain le suiteáil thumthach Tailte Móna i Leabharlann agus Ionad Cultúrtha an Náis, Siúlóid Bhithéagsúlachta ar an bPortach Leagtha ag Ionad Dúlra Mhóin Alúine, agus Siúlóid agus Caint faoi Fhálta Sceach agus Gabháltais Bheaga i gCill Droichid.
Tá sé mar aidhm ag Seachtain Bhithéagsúlachta Chill Dara feasacht a chothú faoi thábhacht na bithéagsúlachta agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an luach a bhaineann léi do phobail áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuid den iarracht náisiúnta faoi stiúir Líonra Comhshaoil na hÉireann is ea an tionscadal, a fhéachann le daoine a spreagadh le nascadh lena mbithéagsúlacht áitiúil. Déantar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Éagsúlacht Bhitheolaíoch a cheiliúradh le linn na seachtaine chomh maith, ar an 22 Bealtaine. Am faoi leith atá ann chun meas a léiriú ar an bhfiadhúlra in Éirinn. Tá an sceach gheal faoi bhláth go hiomlán, tá na duilleoga ar fad ar na crainn, tá bumbóga agus pailneoirí tábhachtacha eile saothrach ag bailiú leo, tá na hialtóga gníomhach déanach sna tráthnóntaí agus iad ag baint buntáiste as beocht na bhfeithidí, tá na héin gnóthach ag neadú agus ag tabhairt aire do na héiníní, agus tá iliomad bláthanna fiáine faoi bhláth. Déanann sé maitheas don anam nuair a aimsímid cúinne ciúin nó spás inar féidir linn muid féin a thumadh san eispéireas céadfach iontach seo. Is féidir leat é seo a dhéanamh i do ghairdín, sa pháirc áitiúil, ar bhruach canálach nó na abhann, i gcoillearnacha nó trí chuairt a thabhairt ar cheann de na sainchomharthaí nádúrtha iontacha sa chontae. Ina theannta sin, beidh deis ag daoine freastal ar na himeachtaí spreagúla atá á n-óstáil ag pobail agus eagraíochtaí ar fud an chontae le linn Sheachtain na Bithéagsúlachta.
Ag labhairt dó ag seoladh Sheachtain Bithéagsúlachta Chill Dara 2025, dúirt Cathaoirleach Chontae Chill Dara, an Clr Kevin Duffy: “Is iontach an rud é go bhfuil an bhithéagsúlacht á ceiliúradh ag pobail ar fud Chill Dara. Tá ról lárnach ag an dúlra inár saol laethúil, agus is ról é a ndéantar dearmad go minic air. Tá sé tábhachtach go n-aithnímid agus go gceiliúraimid í agus gach a ndéanann an bhithéagsúlacht ar ár son, idir an bia a ithimid a sholáthar, na héadaí a chaithimid agus muid a chosaint ó imeachtaí fíordhrochaimsire agus tuilleadh athraithe aeráide a mhaolú. Is deis iontach í Seachtain na Bithéagsúlachta chun tú féin a thumadh i ndúlra, fiadhúlra agus tírdhreacha nádúrtha áille Chill Dara agus chun iad a cheiliúradh.” (Aistrithe go Gaeilge)
Dúirt an Dr Meabh Boylan, Oifigeach Bithéagsúlachta, Comhairle Contae Chill Dara: “Tuigtear go mbaineann tábhacht le bheith lasmuigh sa dúlra ó thaobh ár sláinte agus ár bhfolláine de. Is deis luachmhar le bheith ag foghlaim atá ann nuair a thugtar tacaíocht dúinn leis an méid atá á fheiceáil, á chloisteáil agus á bhraith againn a thuiscint. Cuidíonn seo linn fíorthuiscint a fháil ar thábhacht na bplandaí agus na n-ainmhithe áitiúla, chomh maith leis an gcaoi a dtacaíonn siad linn ar bhonn laethúil. Is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin imeachtaí á n-eagrú ag grúpaí áitiúla agus ag daoine aonair ar fud an chontae. Tá an t-ádh linn i gContae Chill Dara go bhfuil díograiseoirí fiadhúlra, lucht gairmiúil agus daoine áitiúla againn atá iontach eolach agus flaithiúil agus atá tiomanta dá ngrá don fhiadhúlra agus don dúlra a roinnt.” (Aistrithe go Gaeilge)
Tá leabhrán ina bhfuil ócáidí do Chontae Chill Dara ar fáil ag: www.kildarecoco.ie/AllServices/Heritage/BiodiversityandNaturalHeritage/BiodiversityWeek/
Chun sonraí a fháil faoi na himeachtaí uile a bheas ag tarlú ar fud na tíre, tabhair cuairt ar: https://biodiversityweek.ie/
Faigheann tionscadal Sheachtain Bithéagsúlachta Chill Dara tacaíocht ón gCiste Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Áitiúil, ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus ón gComhairle Oidhreachta, trí mheán Chlár Oifigeach Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil.