Ceiliúrann Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara Lá Fhéile Pádraig in Áras an Uachtaráin
21 Márta 2025: Ba mhór an onóir do Sheirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara freastal ar fháiltiú speisialta i dteannta an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigínn agus Sabina Uí Uigínn in Áras an Uachtaráin ar Lá Fhéile Pádraig.
Óstálann an tUachtarán agus Sabina Uí Uigínn an fáiltiú seo go bliantúil – déantar ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig agus cuirtear fáilte roimh ghrúpaí agus roimh dhaoine aonair a bhfuil obair shuntasach déanta acu chun leas shochaí na hÉireann. I mbliana ag an ócáid, ceiliúradh tionscnamh an Uachtaráin, ‘Samhlaíocht agus An Náisiún — Imagination and the Nation’ . Sa tionscnamh seo, leagtar béim ar an ról cumhachtach claochlaitheach atá ag an ealaín agus ag an gcruthaitheacht i bhforás na hÉireann mar phoblacht agus mar idé.
Rinne Oifigeach Ealaíon Gníomhach Chomhairle Contae Chill Dara, Eláine Donnelly, ionadaíocht ar Sheirbhís Ealaíon na Comhairle, agus d’fhreastail Oifigigh Ealaíon eile ó gach cearn den tír ar an ócáid, mar aon le healaíontóirí agus grúpaí pobail. Sheinn baill Beartla Ó Flatharta Céilí Band, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Léim an Bhradáin don Uachtarán agus do Bhean Uí Uigínn, agus léiríodh traidisiún saibhir an cheoil Éireannaigh agus an chultúir i gCill Dara.