Deis Iontach: Clár Malartaithe Chill Dara - Lexington do Dhaltaí á reáchtáil arís in 2026
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Chill Dara a fhógairt go mbeidh an Clár Malartaithe Chill Dara-Lexington do Dhaltaí á reáchtáil an athuair le linn an tsamhraidh 2026. Trí mheán an tionscadail uathúil seo, ar tionscadal comhoibritheach é idir coistí nasctha Chontae Chill Dara agus Lexington, Kentucky, SAM, tugtar deis do dhaltaí eispéireas cultúrtha a fháil a fhanfaidh ina gcuimhne go deo.
Ón uair a bunaíodh an tionscadal in 1984, tá nasc láidir idir Cill Dara agus Lexington, agus is amhlaidh atá an clár malartaithe do dhaltaí ar cheann de na gnéithe is luachmhaire de chuid na comhpháirtíochta. Gach bliain, taistealaíonn daltaí ó Chontae Chill Dara anonn go Lexington mar a bhfaigheann siad taithí phearsanta ar shaol Mheiriceá agus, chomh maith leis sin, fearann siad fáilte roimh dhalta ó Lexington go dtí a dteach féin. Ar an gcaoi seo, cothaítear cairdeas ar feadh an tsaoil agus tuiscint chultúrtha.
Sonraí an Chláir:
- Oscailte do dhaltaí 16 bliana d'aois agus níos sine ó scoileanna fud fad Chontae Chill Dara.
- Tarlaíonn an malartú le linn laethanta saoire an tsamhraidh.
- Gheobhaidh rannpháirtithe taithí ar chultúr Mheiriceá agus roinnfidh siad traidisiúin de chuid na hÉireann lena dteaghlaigh óstacha.
Dé hAoine, 5 Nollaig 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Tá sonraí iomlána an chláir agus foirmeacha iarratais ar fáil ag:
http://kildarecoco.ie/Allservices/community/studentexchange/
Maidir le ceisteanna, le do thoil seol ríomhphost chuig: twinning@kildarecoco.ie
Tapaigh an deis dhochreidte seo le do thaithí agus do thuiscint a fhorbairt, le cuimhní nach ndéanfar dearmad orthu a chothú, agus le páirt a ghlacadh i dtraidisiún idirnáisiúnta speisialta. Cuir iarratas isteach inniu agus bí san áireamh sa mhalartú cultúrtha spreagúil seo!






 Jesmond Harding 90x90.png)



