Fáiltíonn Comhairle Contae Chill Dara roimh Sheachtain na Gaeilge 2025
27 Feabhra 2025: Tá Seachtain na Gaeilge ag teannadh linn agus tá sé in am fáil faoi réir le tú féin a thumadh i gceiliúradh beo bríomhar ar an nGaeilge agus an cultúr Gaelach.
Tosóidh Seachtain na Gaeilge ar an Satharn 1 Márta agus cuirfear buac-chríoch leis an bhféile náisiúnta ar Lá Fhéile Pádraig, 17 Márta. I mbliana, beidh réimse leathan imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha ar siúl ar fud Chontae Chill Dara agus beidh deis ag chuile dhuine páirt a ghlacadh agus taitneamh a bhaint as an bhféile.
Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan, agus déantar ceiliúradh ar oidhreacht shaibhir agus cultúr na hÉireann le linn na féile. Is deis iontach é seo do gach duine le teanga náisiúnta na hÉireann a bhlaiseadh — cuma más cainteoir dúchais nó foghlaimeoir tú nó más amhlaidh atá tú fiosrach faoin teanga.
Ón 1ú-17ú Márta, beidh neart deiseanna ann ar fud Chontae Chill Dara chun foghlaim faoinár dteanga dhúchais agus chun tú féin a thumadh i dteanga, in oidhreacht agus i gcultúr dúchasach na hÉireann. Eagróidh grúpaí pobail Gaeilge i gceantair bhardasacha Chill Dara imeachtaí agus gníomhaíochtaí éagsúla Gaeilge agus dátheangacha le linn na féile. Moltar do dhaoine dul i dteagmháil leis an ngrúpa pobail Gaeilge áitiúil agus seiceáil cén uair agus cén áit a mbeidh Céilí Sheachtain na Gaeilge, Tráth na gCeist (Table Quiz) nó Séisiún Ceoil (seisiún ceoil) ar siúl i do cheantar féin.
I gceantar Nás na Ríogh - na Solláin, tá clár spreagúil a bhfuil 40 imeacht air leagtha amach ag Cill Dara le Gaeilge agus Sult na Sollán. Beidh neart imeachtaí ar siúl, idir chaint ar Logainmneacha Chill Dara, turas treoraithe as Gaeilge i gCartlann an Chontae, Ióga, Aifreann agus Seirbhís Dhátheangach, Comórtas Babhlála, Comórtais Scríbhneoireachta, Ealaíne agus Coimice agus go leor leor eile.
Cuirfear buaic-chríoch le Seachtain na Gaeilge leis an bhFéile Mhór Sráide ar Lá Fhéile Pádraig ó 2pm agus tosóidh Céilí ar a 4:30 p.m. ar an bPríomhshráid, An Nás. Beidh léamha filíochta amuigh faoin aer ar siúl, ceolchoirmeacha, céilí ollmhór agus tuilleadh lena gcois. Tá clár iomlán Nás na Ríogh — na Solláin agus go leor eolais eile ar fáil ar shuíomh Chill Dara le Gaeilge - www.cilldaralegaeilge.ie.
Tacaíonn Comhairle Contae Chill Dara go caoithiúil le féile Sheachtain na Gaeilge Nás na Ríogh — na Sollán trí mheán Scéim Deontais na bhFéilte agus tacaíonn Éire Ildánach Chill Dara go caoithiúil leis an bhFéile Sráide.
Chuir Gillian Allen, Leabharlannaí Contae agus Comhordaitheoir Éire Ildánach, Comhairle Contae Chill Dara a cuid sceitimíní in iúl:
“Tá an-áthas ar Sheirbhís Leabharlainne Chill Dara tacú le féile Sheachtain na Gaeilge na bliana seo ar fud an Náis agus na Sollán. Cuirfidh an fhéile an Ghaeilge i gcroílár réimse leathan gníomhaíochtaí cruthaitheacha agus sóisialta do gach uile aois.
Cuirimid fáilte roimh phobal na Gaeilge iniúchadh a dhéanamh ar chartlanna an chontae ar thuras treoraithe trí Ghaeilge, nó is féidir bualadh isteach chuig Leabharlann an Náis do scéalaíocht agus rannta do pháistí, ceardlanna cruthaitheacha do dhéagóirí, cainteanna oidhreachta agus ciorcail chomhrá do gach aois.
Trí mheán chlár Pobail Chruthaitheacha Chill Dara, tá ríméad orainn tacú leis an bhFéile Sráide agus leis an gCéilí a líonfaidh sráideanna an Náis le Gaeilge, ceol, damhsa agus cultúr ar bhealach atá inrochtana do chách, agus muid ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig. ” (Aistrithe go Gaeilge)
Chomh maith leis sin, dúirt Muireann Ní Bheaglaoich, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara, Comhairle Contae Chill Dara:
“Cuireann Seachtain na Gaeilge fuinneamh spreagúil úr sa Ghaeilge gach bliain. Cuirtear béim ar spraoi a bhaint as ár dteanga agus spreagtar daoine le triail a bhaint as an nGaeilge. Cuirtear fáilte roimh chách a gcéad chúpla focal Gaeilge a fhoghlaim nó a gcuid Gaeilge a úsáid i suíomhanna nua. Is é 95,484 líon na gcainteoirí Gaeilge i gCill Dara (Daonáireamh 2022, daoine 3 bliana d’aois +) — sin 42.1 % de dhaonra ár gcontae. Déanann Seachtain na Gaeilge normalú ar labhairt na Gaeilge agus is iontach an t-am é le triail a bhaint as do ‘Cúpla Focal’ sa siopa, san ollmhargadh nó sa chaifé, agus tú ag obair nó i measc cairde, go sóisialta.
Tá a dtaithí uathúil féin ag gach duine ar an nGaeilge. Tá an t-ádh ormsa go raibh taithí agus caidreamh an-dearfach agam leis an nGaeilge agus mé ag fás aníos. Is í an Ghaeilge mo theanga dhúchais, agus mothaím ‘sa bhaile’ agus bím ar mo shuaimhneas agus mé ag labhairt Gaeilge. Tá teangacha agus cultúir fite fuaite ina chéile agus is mo thuairimse, is í ár dteanga dhúchais féin an chuid is tábhachtaí dár gcultúr, dár n-oidhreacht agus dár bhféiniúlacht Cheilteach. Cuid thábhachtach, shaibhir agus luachmhar de shaol nua-aimseartha na hÉireann agus na hEorpa is ea an t-ilchultúrachas agus an t-ilteangachas, agus cuid den ilchultúrachas agus ilteangachas sin is ea an úsáid a bhainimid as an nGaeilge agus an ceiliúradh a dhéanaimid ar ár dteanga dhúchais agus náisiúnta. ”
Bí linn agus muid ag déanamh ceiliúrtha ar Sheachtain na Gaeilge 2025 agus faigh blaiseadh d’aoibhneas agus de shaibhreas chultúr agus theanga na hÉireann. Cuirfear fáilte roimh chách!