Foilsítear Plean Corparáideach Chomhairle Contae Chill Dara ina leagtar amach spriocanna as seo go 2029
Fís: Todhchaí inbhuanaithe a chruthú agus caighdeán beatha na ndaoine go léir i gCill Dara a fheabhsú ag an am céanna
17 Aibreán 2025: Tar éis do Chomhairleoirí an chontae seo Plean Corparáideach 2025-2029 a ghlacadh i mí na Nollag 2024, tá áthas ar Chomhairle Contae Chill Dara foilsiú an Phlean Chorparáidigh a fhógairt inniu.
Tá an plean seo tógtha ar agus nasctha le go leor pleananna eile don Chontae, agus leagtar amach ann spriocanna straitéiseacha Chomhairle Contae Chill Dara as seo go ceann cúig bliana.
Tá an Plean bunaithe ar chomhairliúchán a rinneadh le foireann na comhairle, ionadaithe tofa agus páirtithe leasmhara eile feadh Chontae Chill Dara. Trí mheán an chomhairliúcháin, sainaithníodh tuairimí agus mianta daoine maidir lena gcontae, cuireadh san áireamh sa Phlean iad, agus, ag an am céanna, rinneadh breithniú ar phleananna reatha na comhairle, ar reachtaíocht, ar spleáchais reatha na comhairle le heagrais agus grúpaí comhpháirtíochta agus ar na toscaí déimeagrafacha agus eacnamaíocha atá amach romhainn.
Tá Cill Dara ar cheann de na contaetha is mó fás in Éirinn - tá beagnach 250,000 duine ina gcónaí sa chontae, agus tá tuairim is 80,000 duine fostaithe i bpoist atá lonnaithe sa chontae, feadh níos mó ná 15,000 fiontar gníomhach.
Tá éagsúlacht sa chontae freisin: tá 70 % den daonra ina gcónaí i gceantair uirbeacha, ní náisiúnaigh iad os cionn 11% den daonra, tá os cionn 20 % de dhaoine faoi mhíchumas agus tá 8.6 % de dhaoine ina gcónaí i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.
Mar a léirítear i bhfís na Comhairle, tuigtear gur féidir le Comhairle Contae Chill Dara tionchar a bheith aici ar chaighdeán saoil gach duine sa Chontae trí mheán an róil atá againn mar sholáthraí seirbhíse, mar chumasóir agus mar sholáthraí infreastruchtúir, mar rialálaí, mar chaomhnóir ár dtimpeallachta, agus mar phríomhéascaitheoir don fhorbairt gheilleagrach agus pobail.
Agus é ag cur fáilte roimh fhoilsiú an Phlean Chorparáidigh, dúirt Cathaoirleach Chontae Chill Dara, an Comhairleoir Kevin Duffy;
“Léiríonn an Plean tiomantas comhroinnte na foirne, na gComhairleoirí, na ngrúpaí pobail agus na ngníomhaireachtaí le bheith ag obair le chéile ar mhaithe le gach duine agus leanúint de bheith ag cosaint thimpeallacht luachmhar Chill Dara.
Baineadh an-chuid amach le cúig bliana dhúshlánacha anuas, agus táim ag tnúth leis na spriocanna sa Phlean seo a chuirfear chun cinn sna cúig bliana atá amach romhainn chun a chinntiú go leanfaidh ár gContae de bheith ina áit iontach le bheith curtha fút ann, le bheith ag obair ann, le hinfheistíocht a dhéanamh ann agus le cuairt a thabhairt air.’ (Aistrithe go Gaeilge)
D’áitigh Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chill Dara;
“Thar ceann fhoireann bainistíochta agus fhostaithe na Comhairle, cuirim fáilte roimh an bPlean Corparáideach nua seo.
Leagtar amach an creat straitéiseach chun ár bhfís a réadú, agus, leis seo beidh tionchar láidir ag an bPlean Corparáideach ar thosaíochtaí acmhainní agus buiséid sna cúig bliana amach romhainn. Ceann de na príomhthosaíochtaí atá againn ná pleanáil agus infheistíocht a dhéanamh in infreastruchtúr a chomhlíonann na héilimh atá ann faoi láthair mar aon leis na héilimh a bheidh ann amach anseo.
Táimid ag soláthar a bhfuil de dhíth san am i láthair, ach, ina theannta sin, ní mór dúinn an todhchaí a chosaint ar son gach uile dhuine i gCill Dara. I dtaca leis sin, is den riachtanas i gcónaí ár n-infheistíocht agus ár ngníomhaíochtaí leanúnacha i dtaobh ghníomhú ar son na haeráide, cosaint an chomhshaoil, tacaíocht don phobal, athghiniúint bailte agus sráidbhailte agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe.Inár gContae - contae atá ag fás go ríthapa - is dúshlán agus príomhthosaíocht í an tithíocht i gcónaí, agus táimid tiomanta roghanna tithíochta inoiriúnaithe agus éagsúla a sholáthar a dhéanann freastal ar riachtanais éagsúla daoine beag beann ar aois.
Meabhraíonn dúshláin na gcúig bliana seo caite dúinn go bhfuil orainn leanúint de bheith nuálach, ionchuimsitheach agus solúbtha chun freastal ar riachtanais éagsúla ár bpobal atá ag fás.
I bhfianaise an fháis thapa ard agus réamh-mheasta atá tagtha agus le teacht ar dhaonra an Chontae, tá sé mar chuid lárnach dár bhfócas eagraíochtúil go meallfaí, go leathnófaí agus go gcoimeádfaí na leibhéil foirne, an maoiniú agus na scileanna atá riachtanach chun seachadadh rathúil a chinntiú.Táim ag súil le bheith ag obair lenár bhfoirne, lenár gComhairleoirí agus leis na grúpaí agus na gníomhaireachtaí ar fad atá bunriachtanach i gcothabháil agus feabhsú chaighdeán saoil mhuintir uile Chill Dara.” (Aistrithe go Gaeilge)
Leagtar amach sa Phlean Corparáideach 8 sprioc ardleibhéil agus os cionn 100 straitéis tacaíochta, agus cuimsítear ann gach seirbhís agus ról. Foilseofar an dul chun cinn ar bhonn míosúil trí mheán Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh, agus ar bhonn bliantúil inár bPlean Seachadta Seirbhíse Bliantúil agus inár dTuarascáil Bhliantúil araon.
Is féidir teacht ar Phlean Corparáideach Chomhairle Contae Chill Dara 2025-2029, i nGaeilge agus i mBéarla, i rannóg na bhfoilseachán ar kildarecoco.ie:
https://kildarecoco.ie/YourCouncil/Publications/Corporate/CorporatePlan/