Freagairt Chomhairle Contae Chill Dara do Stoirm Éowyn
27 Eanáir 2025: Tháinig Foireann Bainistíochta Géarchéime Chomhairle Contae Chill Dara le chéile ar maidin chun athbhreithniú a dhéanamh ar na fadhbanna leanúnacha atá sa chontae mar gheall ar stoirm Éowyn. Bhí ár n-oibrithe allamuigh agus ár bhfoirne um Pháirceanna ag obair i rith an deireadh seachtaine chun crainn leagtha a ghlanadh de phríomhbhealaí an chontae. Tá cuid mhaith den obair seo curtha i gcrích anois, ach, mar sin féin, tá crainn leagtha fós in eastáit tithíochta agus ar roinnt mionbhóithre. Leanfaidh ár bhfoirne ar aghaidh de bheith ag obair chun crainn agus smionagar a bhaint de na bóithre i rith na seachtaine.
Tá go leor tithe atá fós gan chumhacht agus gan uisce, go háirithe in Iarthuaisceart an chontae. Tá na ceantair thart ar Chloch an Rince agus Cluain na nDubh buailte níos measa ná ceantair eile. Beidh club CLG Chloch an Rince ar oscailt tráthnóna inniu ar 19:00 agus cuirfear áit ar fáil do mhuintir an cheantair chun fóin a luchtú, deochanna teo a bheith acu agus úsáid a bhaint as áiseanna cithfholcadáin. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le baill agus oifigigh an chlub as ucht a gcuid tacaíochta le linn na tréimhse dúshlánaí seo.