Glao oscailte le bheith páirteach in Oíche Chultúir Chill Dara 2025
Bímis cruthaitheach ag Oíche Chultúir Chill Dara 2025!
29 Aibreán 2025: Cuir an dáta i do dhialann! Dé hAoine - 19 Meán Fómhair - 2025, a bheidh Oíche Chultúir www.culturenight.ie ar siúl, agus beidh deis agatsa do chuid oibre a chur ar taispeáint mar chuid den chlár náisiúnta spreagúil seo. Faoi láthair, tá Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara ag lorg léirithe spéise ó ealaíontóirí agus ón bpobal i gcoitinne d’Oíche Chultúir na bliana seo. Más ealaíontóir, taibheoir, eagraíocht nó grúpa pobail sibh atá lonnaithe i gCill Dara, seo é bhur ndeis le páirt a ghlacadh agus aird a tharraingt ar a ndéanann sibh! Ba bhreá linn bhur gcuid smaointe agus moltaí a chloisteáil maidir leis an gceiliúradh seo ar gach cineál cultúir.
I mbliana, tá suim ar leith againn i dtionscadail a léiríonn saibhreas cultúrtha Chill Dara agus éagsúlacht na bpobal go léir atá ina gcónaí sa chontae, agus, go háirithe, i dtionscnaimh do lucht féachana níos óige idir 18-35. Táimid tiomanta do thionscadail a Íocann as an Ealaíontóir agus dóibh siúd a chuireann an comhionannas, an t-ionchuimsiú, an inrochtaineacht agus an éagsúlacht san áireamh. Cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó rannpháirtithe nua a dhéanann ionadaíocht ar phobail uile Chill Dara. I gcomhréir lenár dtiomantas agus lenár dteorainneacha buiséid, tá sé beartaithe againn roinnt tacaíochta airgeadais a chur ar fáil do dhaoine aonair/grúpaí rannpháirteacha a rachaidh i dtreo chostais an imeachta. Tá stipinn suas go 300 Euro ar fáil do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do ghrúpaí pobail agus d’ealaíontóirí maidir le himeachtaí incháilithe.
Ócáid bhliantúil fud fad an oileáin is ea Oíche Chultúir. Meandar náisiúnta is ea é a thugann léargas dúinn ar gach gné den chultúr, den chruthaitheacht agus de na healaíona. Féachann sé le meon a chur chun cinn go gníomhach - is é sin go bhfuil an cultúr saibhir agus éagsúil seo beo, luachmhar agus á chothú i saol daoine, inniu agus gach uile lá. Cuirtear an clár ar fáil ar fud na tíre i gcathracha, i mbailte, i sráidbhailte, in áiteanna tuaithe agus ar líne i gcomhar le páirtithe eile Oíche Chultúir sna meáin. Ar an Oíche Chultúir, bíonn na doirse ar oscailt ó 4 i.n. go déanach istoíche, agus déantar imeachtaí speisialta agus uathúla a chur ar an gclár ag na hionaid rannpháirteacha. Tá na himeachtaí go léir ar fáil saor in aisce don phobal ar mhaithe le deis a thabhairt don lucht féachana gníomhaíochtaí cultúrtha éagsúla a cheiliúradh, dul i ngleic leo go hiomlán agus leas a bhaint as an sásamh agus an luach saothair a bhaineann leo.
Seo deis duitse le bheith páirteach in éineacht leis na mílte grúpaí agus daoine aonair a ghlacann páirt san Oíche Chultúir ar fud an chontae!
Eolas do Lucht Eagraithe Imeachtaí:
Chun cúnamh a chur ar fáil do dhuine ar bith a bheidh ag eagrú imeachtaí nua, reáchtálfaidh Oifig Náisiúnta na hOíche Cultúir seimineár gréasáin ar an Déardaoin 1 Bealtaine. Ag an seimineár, tabharfar léargais agus faisnéis do dhaoine agus, chomh maith leis sin, freagrófar ceisteanna faoin nGairm Oscailte Náisiúnta. Líon isteach do chuid sonraí ag an nasc seo a leanas más mian leat freastal ar an seimineár: https://forms.gle/ibwj5eB8wETsmaCF8
Chun Foirm Iarratais um Léiriú Spéise a lorg don Oíche Chultúir i gCill Dara nó más mian le daoine fiosruithe a dhéanamh, déan teagmháil le Comhordaitheoir Oíche Chultúir Chill Dara, Sheena Malone ag culturenightkildare@gmail.com, nó glaoigh ar 045 906102.
Spriocdháta:
Is é an spriocdháta chun do thionscadal/imeacht a chur isteach do chlár Oíche Chultúir Chontae Chill Dara ná Dé Céadaoin 18 Meitheamh 2025 ar 5 i.n. Cuirfear cinntí in iúl d’iarratasóirí le linn na seachtaine dar tús Dé Luain 23 Meitheamh.
Is í an Chomhairle Ealaíon, i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí cultúrtha ar fud oileán na hÉireann, a chuireann Oíche Chultúir ar fáil.