Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe - Comhairliúchán Bliantúil ar an Dréachtléarscáil
Tá dréachtléarscáil bhliantúil, a ullmhaíodh de réir Alt 653C, arna leasú ag Alt 653M den Acht Comhdhlúite Cánach 1997, foilsithe ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara agus tá an dréachtléarscáil ar fáil lena iniúchadh ina cuid oifigí.
Ullmhaíodh an dréachtléarscáil bhliantúil chun talamh a chomhlíonann na critéir ábhartha agus a bheidh faoi réir na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe a shainaithint.
Ní bheidh maoin chónaithe inmhuirir don cháin ar thalamh chriosaithe chónaithe, in ainneoin go bhféadfar iad a áireamh ar an dréachtléarscáil bhliantúil.
Is éard a chiallaíonn talamh a chomhlíonann na critéir ábhartha, ná talamh atá—
(a) ar áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2)(a) d’Acht 2000, nó i bplean limistéir áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht 2000, atá criosaithe—
(i) le haghaidh úsáid chónaithe amháin nó go príomha, nó
(ii) le haghaidh meascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,
(b) tá sé réasúnta a mheas go mbeadh rochtain ag an talamh sin ar bhonneagar agus áiseanna poiblí, nó go mbeadh sí nasctha leo, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil séaraigh bhréin, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, atá riachtanach chun teaghaisí a fhorbairt agus le hacmhainn seirbhíse leordhóthanach a bheith ar fáil don fhorbairt sin, agus
(c) tá sé réasúnta a mheas nach gcuirfeadh rud ar bith isteach chomh mór sin ar an talamh, ó thaobh a riocht fisiciúil de, le go gcuirfí cosc ar sholáthar teaghaisí, rudaí ar nós éilliú nó iarsmaí seandálaíochta nó stairiúla aitheanta a bheith i láthair,
ach nach í an cineál talún —
(i) dá dtagraítear i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt amháin (de réir bhrí Acht 2000) nach forbairt neamhúdaraithe í (de réir bhrí Acht 2000), atá in úsáid mar áitreabh, ina bhfuil trádáil nó gairm ar bun, atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála, go bhfuil sé réasúnta mheas go bhfuiltear á húsáid chun seirbhísí a sholáthar d’áitritheoirí na gceantar cónaithe in aice láimhe,
(ii) dá dtagraítear i mír (a)(ii), mura bhfuil sé réasúnta a mheas go bhfuil an talamh folamh nó díomhaoin,
(iii) nach mbeadh a forbairt i gcomhréir le—
(I) cás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean forbartha, an bonn céimnithe a bhfuil forbairt talún le déanamh faoin bplean dá réir, mar atá sonraithe sa chroístraitéis atá ar áireamh sa phlean sin de réir alt 10(2A)(d) d’Acht 2000, nó
(II) cás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean ceantair áitiúil, agus an cuspóir atá leis, i gcomhréir le cuspóirí agus le croístraitéis an phlean forbartha don limistéar a bhfuil an plean ceantair áitiúil ullmhaithe ina leith, ná talamh a fhorbairt ar bhonn céimnithe, agus é ar áireamh sa phlean ceantair áitiúil de réir alt 19(2) d’Acht 2000,
ar an dáta a bhfuil measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar san alt seo,
(III) go bhfuil sé réasúnta a mheas go bhfuil sé riachtanach nó lárnach le haghaidh áitíochta ó —
(I) bhonneagar agus áiseanna sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus áiseanna a úsáidtear chun críocha riarachán poiblí nó chun oideachas nó cúram sláinte a sholáthar,
(II) áiseanna agus bonneagar iompair,
(III) bonneagar agus áiseanna fuinnimh,
(IV) bonneagar agus áiseanna teileachumarsáide,
(V) bonneagar agus áiseanna uisce agus fuíolluisce,
(VI) bonneagar bainistithe agus diúscartha dramhaíola, nó
(VII) bonneagar áineasa, lena n-áirítear áiseanna spóirt agus clóis súgartha,
(iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil a d’fhéadfadh cosc a chur ar fhorbairt, nó
(v) ar a bhfuil tobhach ar láithreáin thréigthe tréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990.
Féadfar aighneachtaí ar an dréachtléarscáil bhliantúil a dhéanamh i scríbhinn chuig Comhairle Contae Chill Dara tráth nach déanaí ná Dé Luain, 1 Aibreán 2024, maidir le—
(I) cuimsiú i léarscáil deiridh de shuímh shonracha nó eisiamh uaithi, nó
(II) an dáta ar chomhlíon suíomh na critéir ábhartha den chéad uair.
Sna haighneachtaí, ba cheart go mbeadh ainm agus seoladh, na fáthanna le tailte a chuimsiú nó a eisiamh, mar aon le léarscáil de scála 1:1,000 (limistéar uirbeach) nó 1:2,500 (limistéar tuaithe) ina ndéanann úinéir talún an aighneacht, a theorannaíonn go soiléir an limistéar talún atá faoi réir na haighneachta.
Déanfar aon aighneachtaí scríofa den sórt sin a fhaightear faoi Dé Luain, 1 Aibreán 2024 seachas na gnéithe d’aighneacht a d’fhéadfadh a bheith ina sonraí pearsanta, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara tráth nach déanaí ná Déardaoin, 11 Aibreán 2024.
Tá na cuimsithe agus na heisiaimh atá beartaithe don dréachtléarscáil bhliantúil bunaithe ar na haighneachtaí a fhaightear. Ba cheart d’aon úinéirí talún a thacaíonn le heisiamh a gcuid talún aighneacht a dhéanamh chun tacú leis an eisiamh sin.
Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe - Comhairliúchán Iarratas Criosaithe
I gcás ina n-aithnítear talamh ar an dréachtléarscáil bhliantúil mar thalamh atá faoi réir na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe agus i gcás ina bhfuil an talamh a shainaithnítear ar an dréachtléarscáil san áireamh i bplean forbartha nó i bplean limistéir áitiúil de réir alt 10(2)(a) nó 19(2)(a) d’Acht 2000 criosaithe—
(i) le haghaidh úsáid chónaithe amháin nó go príomha, nó
(ii) le haghaidh meascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,
Féadfaidh duine, ar Dé hAoine, 31 Bealtaine 2024 nó roimhe, aighneacht a dhéanamh chuig an údarás áitiúil i leith réamhluaite ar leis an duine sin í ag iarraidh go ndéanfaí criosú na talún sin a athrú. Ba cheart go mbeadh fianaise úinéireachta, cúiseanna mionsonraithe in éineacht le haon iarratas ar athchriosú, chomh maith le léarscáil ar scála 1:1,000 (uirbeach) nó 1:2,500 (tuaithe) a theorannaíonn an píosa talún ábhartha go soiléir.
Foilseofar aon iarratais ar athchriosú i scríbhinn den sórt sin a fhaightear faoi Dé hAoine, 31 Bealtaine 2024 seachas na gnéithe sin d’aighneacht a d’fhéadfadh a bheith ina sonraí pearsanta, ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara tráth nach déanaí ná Dé Luain, 10 Meitheamh 2024.
Déanfaidh an tÚdarás Áitiúil gach iarratas ar athchriosú a mheas ag féachaint do phleanáil chuí agus d’fhorbairt inbhuanaithe an cheantair.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil dhá chomhairliúchán ann.
- “Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe - Comhairliúchán Bliantúil ar an Dréachtléarscáil” - Dáta deiridh Dé Luain, 1 Aibreán 2024
- “Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe - Comhairliúchán Iarratas Criosaithe” - Dáta deiridh Dé hAoine, 31 Bealtaine 2024.
Tabhair faoi deara le do thoil, cé go bhfuil ár n-oifigí dúnta don Cháisc ó Dé hAoine, 29 Márta 2024 go dtí Dé Luain, 1 Aibreán 2024 (san áireamh) gur féidir aighneachtaí a dhéanamh ar líne ar an tairseach chomhairliúcháin.
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí don dá chomhairliúchán a dhéanamh,
- ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/
nó
- i scríbhinn chuig an Oifigeach Sinsearach Feidhmiúcháin, an Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás. Co. Chill Dara
Alan Dunney
Stiúrthóir Seirbhísí