Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin na mBóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara thar ceann Chomhairle Comhphobal Chill Droichid, fógra i gcomhréir le hAlt 75 d’Acht na mBóithre, 1993 agus Rialacháin na mBóithre, 1994 go ndúnfar an bóthar seo a leanas ar an Domhnach an 17 Márta 2024 chun Paráid Lá Fhéile Pádraig Chill Droichid a éascú.
Bóithre le bheith Dúnta |
Fad an Dúnta |
|
1 |
Príomhshráid Chill Droichid |
13.30 a chlog go 18.00 a chlog |
Sonraí faoi Dhúnadh an Bhóthair: Ón mbealach isteach d’eastát Saint Patricks Park ar an L5065 go dtí an acomhal leis an R403 (Lána an Tae), ar R403 ón acomhal de Lána an Tae go dtí an acomhal den R405 (English Row), ar an R405 ón acomhal leis an R403 go dtí an bealach isteach go Teach Bhaile an Chaisleáin (Príomhshráid Chill Droichid), ar an R405 ón mbealach isteach go Teach Bhaile an Chaisleáin go dtí an acomhal leis an R449 Shackleton Road (Maynooth Road). Bealaí Eile: Is é an bealach eile isteach go Cill Droichid, maidir le taobh Mhaigh Nuad an bhaile ná an séú bealach amach as an M4 agus maidir le taobh Léim an Bhradáin an bhaile ná an cúigiú bealach amach as an M4 agus lean ar aghaidh ar an R403. |
Beidh comharthaí bóithre na malairtí treo le feiceáil go soiléir, mar a aontaíodh leis an gComhairle agus leis An Garda Síochána. Coinneofar rochtain éigeandála agus srian ar rochtain áitiúil.