Clár Réaltaí an tSamhraidh
Ag Spreagadh Páistí chun na Léitheoireachta
Is mian le Seirbhís Leabharlainne Chill Dara cuireadh a thabhairt do leanaí - ó chuile chearn de Chontae Chill Dara – le páirt a ghlacadh inár gClár Léitheoireachta “Réaltaí an tSamhraidh” an samhradh seo.
Is é aidhm an chláir seo gach duine a spreagadh le leabhair a léamh ar mhaithe le spraoi agus siamsaíocht, i rith mhíonna an tsamhraidh. Cuirtear leabhrán léitheoireachta ar fáil dóibh siúd a ghlacann páirt sa chlár. Cabhróidh an leabhrán leis na páistí agus iad ag iarraidh taifead a choinneáil dá gcuid léitheoireachta. Beidh na páistí in ann léirmheasanna ar leabhair a scríobh sa spás cuí sa leabhrán agus tá puzail sa leabhrán chomh maith.
Buail isteach chuig do leabharlann áitiúil, áit a mbeidh tú in ann féiríní Réaltaí an tSamhraidh a fháil ón leabharlannaí.
Cuirtear liostaí treorach léitheoireachta ar fáil do gach aois ionas go mbeidh na páistí ábalta taitneamh a bhaint as na leabhair sin i rith an tsamhraidh, lena n-áirítear leabhair iontacha a bhaineann le ficsean agus neamhfhicsean, úrscéalta grafacha, greannáin, closleabhair agus go leor eile nach iad. Tabhair cuairt ar www.summerstars.ie go bhfeice tú féin an liosta.
Déanfaidh gach leabharlann i gCill Dara imeachtaí spraíúla, gníomhaíochtaí agus amanna scéalaíochta a óstáil an samhradh seo. Déan cinnte de, mar sin, go leanann sibh muid ar na meáin shóisialta. Chomh maith leis sin, is féidir leat clárú do nuachtlitir na leabharlainne agus, ar an mbelach sin, beidh tú ar an eolas faoi na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl i do cheantar áitiúil.
Tá bailiúchán speisialta Réaltaí Samhraidh ar fáil freisin ar Borrowbox - seirbhís ríomhleabhar agus closleabhar ar líne, saor in aisce, de chuid Seirbhíse Leabharlainne Chill Dara. Tá Borrowbox ar fáil do bhaill na leabharlann go léir, fud fad Chontae Chill Dara.