Foilsíonn Comhairle Contae Chill Dara Tuarascáil Bhliantúil 2023
782 Tithe Sóisialta Inacmhainne nua curtha ar fáil ag Comhairle Contae Chill Dara agus ag Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta
Foilsiú Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Chill Dara 2024-2029
Oscailt Oifigiúil Bhóthar Dáileacháin nua Bhaile Átha Í
Dé hAoine, 14 Meitheamh: D’fhoilsigh Comhairle Contae Chill Dara a dTuarascáil Bhliantúil don bhliain 2023 inniu. Sa tuarascáil bhliantúil, tugtar forléargas ar chlár oibre na Comhairle agus ar an obair a chuir an Chomhairle i gcrích an bhliain seo caite.
Chuir Comhairle Contae Chill Dara raon leathan seirbhísí ar fáil in 2023, agus, ina theannta sin, cuireadh go leor athruithe chun feabhais i bhfeidhm i rith na bliana. Rinneadh na hathruithe úd ar mhaithe le feabhas a chur ar sheachadadh seirbhísí agus chun tacú le caighdeán saoil laethúil mhuintir Chill Dara agus leo siúd a thugann cuairt ar an gcontae.
Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Chill Dara
Glacadh le Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Chill Dara 2024-2029 in 2023. Sa phlean sin, leagtar amach na bearta maolaithe agus bearta glacachta maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa, a thagann ó shaoráidí agus limistéir fheidhmiúla na Comhairle, a laghdú de 51 % le linn shaolré an phlean agus, ar an gcaoi sin, a bheith ar thús cadhnaíochta agus dea-shampla a léiriú don phobal. Cuimsítear sa phlean freisin, an Crios Dícharbónaithe i Maigh Nuad. Is láthair tástála don ghníomhaíocht ar son na haeráide é an crios agus scaipfear torthaí dearfacha ar phobail eile.
An Pobal
Reáchtáladh clár imeachtaí 10 lá chun ceiliúradh a dhéanamh ar shainluachanna Naomh Bríd - creideamh, bithéagsúlacht, na healaíona, an ceartas sóisialta, oideachas agus tuilleadh lena gcois. Mar chuid de chlár 2 bhliain ‘Bríd 1500’, cuireadh láithreacha stairiúla Chill Dara os comhair an phobail ag imeachtaí éagsúla, agus chuaigh na láithreacha sin i bhfeidhm ar lucht féachana domhanda. Bhí rol lárnach ag scoileanna, ealaíontóirí agus grúpaí pobail áitiúla san fhéile.
Maidir le cláir agus obair phobail eile na Comhairle, bronnadh 1,029 deontas pobail de luach iomlán € 2,283,875. Anuas air sin, tugadh maoiniú tacaíochta pobail LCDC’nna do 139 grúpa pobail agus ba é €316,206 luach iomlán an mhaoinithe sin.
Tithíocht agus Athghiniúint
Baineadh amach spriocanna tógála Thithíocht do Chách in 2023. D’éirigh le Comhairle Contae Chill Dara agus leis na Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta 782 teach sóisialta inacmhainne nua a sheachadadh. Ina theannta sin, leithdháileadh tithe sóisialta ar 1,250 teaghlach. Ceadaíodh maoiniú deontais do 480 teaghlach príobháideach faoin Deontas Oiriúnaithe Tithíochta agus faoin Deontas Cúnaimh Tithíochta.
De réir chuspóirí Phlean Gníomhaíochta Réigiún an Mheánoirthir do Dhaoine gan Dídean, d’éirigh le 199 teaghlach bogadh amach as lóistín éigeandála. Lean Comhairle Contae Chill Dara de bheith ag soláthar seirbhíse cothabhála ar ardchaighdeán do thionóntaí agus lean an Chomhairle de bheith ag obair leo de réir an chláir uasghráduithe maoine - uasghráduithe fuinnimh san áireamh.
Iompar, Soghluaisteacht agus Spásanna Oscailte
Rinne Comhairle Contae Chill Dara breis agus 2.764 km de ghréasán bóithre a chothabháil in 2023. Osclaíodh Bóthar Dáileacháin Bhaile Átha Í – bóthar 3.4km ar fhad a chuimsíonn 5.8 km d’infreastruchtúr siúlóide agus rothaíochta, dhá thimpeallán nua, acomhail chomharthaithe nua agus droichead cruach aonréise 80m. De thoradh na scéime, tá timpeallacht taistil níos sábháilte i mBaile Átha Í anois. Ina theannta sin, tá laghdú tagtha an am a ghlacann sé taisteal ó áit go háit agus tá an córas iompair phoiblí níos ionrochtanaí.
Comhshaol
D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a dTuarascáil Feidhmíochta um Fhorfheidhmiú Comhshaoil, agus léiríonn an tuarascáil gur bhain Comhairle Contae Chill Dara na torthaí is airde amach. D’éirigh leis an gComhairle na caighdeáin riachtanacha a bhaint amach feadh na dTosaíochtaí Forfheidhmithe Náisiúnta ar fad.
Seirbhísí Corparáideacha, Seirbhísí do Dhaoine agus Seirbhísí Cultúrtha
Rinneadh uasghrádú cuimsitheach ar Sheomra na Comhairle, lena n-áirítear uasghráduithe ar na córais TFC agus féadfar cruinnithe hibrideacha a reáchtáil i Seomra na Comhairle anois.
Chuir an Chomhairle bailchríoch ar chreat-cháipéis nua i ndáil le comhlíonadh Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine. Sa chreat-cháipéis, rianaítear cur chuige Chomhairle Contae Chill Dara maidir le seachadadh agus comhlíonadh dhualgais an chreata.
D’fhoilsigh an tSeirbhís Ealaíon deiseanna le haghaidh 19 ndeontas, sparánacht agus coimisiún faoi leith, idir mhaoiniú Ealaíne agus mhaoiniú ‘Éire Ildánach’, chun tacú le gníomhaíochtaí ealaíne sa chontae. Bronnadh 13 sparánacht cruthaitheachta de luach iomlán €80,000 mar aon le 34 deontas ealaíon eile a fuair maoiniú de €76,250 san iomlán.
Pleanáil, Fiontraíocht agus Forbairt Eacnamaíoch
In 2023, bunaíodh an t-aonad nua um Chaomhnú Oidhreachta agus Bithéagsúlachta, a chuismíonn Oidhreacht, Caomhnú agus Oifigeach Bithéagsúlachta nua a chuirfidh comhairle speisialaithe ar pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Bhí Seimineár Oidhreachta Chontae Chill Dara ar siúl i mí na Nollag. I measc na dtionscadal suaitheanta eile ar tugadh fúthu, reáchtáladh Seachtain na hOidhreachta a raibh 110 imeacht ar siúl ar fud an chontae lena linn agus, ina theannta sin, reáchtáladh 37 imeacht do Sheachtain na Bithéagsúlachta.
Fuarthas breis agus €5 mhilliún ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (RRDF) chun Mol Bia, Deochanna agus Teicneolaíocht Talmhaíochta Bhaile Átha Í a sheachadadh, agus tá 13 mhol straitéiseacha comhoibritheacha sa chontae anois. Nuair a bheidh an mol curtha i gcrích, beidh sé mar phríomhionad don earnáil bia agus dí i gCill Dara. Tá an earnáil seo ag fás agus cuirfear tacaíocht ar fáil d’fhiontraithe chun táirgí agus modhanna nuálacha a fhorbairt. Beidh ról lárnach ag forbairt na mol freisin maidir le dul i ngleic leis an dífhostaíocht i mBaile Átha Í agus sa cheantar máguaird, trí oiliúint bhreisoideachais agus bealaí chun fostaíochta atá inrochtana agus spreagúil a chur ar fáil.
D’oibrigh Oifig Fiontair Áitiúil Chill Dara i gcomhar le Kildare Village chun ‘Gather’ a sheoladh. Is preab-thaispeántas cruthaitheach é de shaothar 24 de na ceardaithe agus dearthóirí agus na brandaí is fearr i réigiún Chill Dara. Le tacaíocht ó Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann, dearadh an tionscadal chun scileanna agus cruthaitheacht shárcheardaithe Chill Dara a chur ar taispeáint.
Ina theannta sin, bronnadh luach €253,033 de dheontais chun fáis ar 10 ngnólacht sa chontae ar mhaithe le fás na ngnólachtaí, agus bronnadh luach €342,855 de dheontais ar 11 ghnólacht nuathionscanta. Tá meantóireacht agus tacaíochtaí ghnó mar chuid lárnach d’obair na roinne forbartha eacnamaíche agus fiontraíochta. Tugadh sain-mheantóireacht do 679 cliant gnó agus cuireadh oiliúint ghnó ar 1,688 gnólacht i rith na bliana.
Nuálaíocht
In 2023, bhunaigh Comhairle Contae Chill Dara Foireann Nuálaíochta thiomnaithe a oibríonn chun tionscnaimh agus tionscadail spreagúla a chur i bhfeidhm agus chun nuálaíocht a chur chun cinn agus a spreagadh ar fud na heagraíochta. Cuireadh roinnt príomhthionscnamh i gcrích, lena n-áirítear saindeiseanna oiliúna agus forbartha chomh maith le seoladh an tionscnaimh ‘Glao ar Smaointe’, a fuair tacaíocht ón gCiste Nuálaíochta Áitiúil tiomnaithe.
Tá Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Chill Dara 2023 ar fáil anseo —