Kildare County Council announces 2024 Cruinniú na nÓg programme
Kildare County Council has launched details of the 2024 Cruinniú na nÓg programme, the national day celebrating creativity in children and young people. The programme features a variety of free workshops, concerts, and creative events which will take place across the county on Saturday 15th June.
Programme Highlights
Young people aged 12-18 are invited to ‘Teen Night featuring GALAXYZ’, an exciting festival of music, art, food and more in the courtyard of Naas Library & Cultural Centre from 4.30pm - 8pm. Attendees will enjoy a Garageland GALAXYZ concert featuring a lineup of local youth bands and guest artists, hosted by actor Robbie White (Netflix’s Heartstopper); paint a graffiti art banner with the experts from Street Art Ink; try a DIY workshop in our MakerSpace; and enjoy a slice of pizza and a chance to socialise between exams.
Riverbank Arts Centre present ‘Pstryk!’, an interactive musical experience designed for children aged 3-10 years. Featuring live music, this vibrant workshop will explore Polish and Irish folklore tunes, creative movement, and spontaneous music creation, led by vocalist Kasia Eliasz with Rafal Szydlowski on violin and Maciej Blizinski on double bass. Performances will take place at 2pm & 3pm in Newbridge Town Hall.
Kildare library branches will host creative hubs on June 15th, with children’s self-portrait workshops in Monasterevin and Rathangan, thrilling percussion workshops with Jabba Jabba Jembe in Newbridge, a ClassicalKids interactive music concert in Celbridge, RockJam ukulele workshops in Leixlip, creative nature and folklore activities in Ballitore, a Magic Show in Clocha Rince Community Library, a teen writing workshop in Maynooth, Baby Beats music workshop in Clane, and more.
Children interested in circus arts such as juggling, hooping, or plate spinning can book in for free after-school workshops on June 13th at Athy Library or June 14th at Clocha Rince Library.
Additional creative projects are taking place out in the community, such as in Tribe Art Studio in Castledermot where children ages 5-12 can engage in open-ended artmaking, creativity and self-expression through Create and Play Art Workshops.
Go Fly Your Kite is teaming up with In-Sync Youth Services in Naas for a series of ‘Land, Sky & Dreams’ kitemaking workshops for ages 8-18, taking place from June 11th -14th, with all invited to a kite flying celebration on June 15th from 2:30-4:30pm.
‘An Dúlra agus Mé Féin’ is an outdoor exhibition of local children’s work, created with Dúlra Forest School over four woodland crafts sessions. Families are invited to come see the creativity, magic and playfulness of nature through the eyes of a child as you make your own journey through the woodland exhibition at Osberstown Woods, Sallins.
Youth arts groups across the county will be championing the creative voices of young people. Ardclough Youth Theatre invites the community to Straffan Community Hall for ‘Who We Are,’ an interactive exhibition focusing on the lives of Ardclough Youth Theatre's members and friends.
Griese Youth Theatre invites young people ages 11 to 17 to ‘Walk in My Shoes!’ a day of drama and art workshops exploring ideas of identity, culture and diversity taking place in Ballitore Meeting House.
The Cruinniú na nÓg programme also includes ‘This is Art!’, Ireland’s national young people’s art competition supported by RTÉ. Details for this year’s competition will be announced on June 15th as part of the day’s festivities.
All events are free, however many require advance booking. For further information and booking details, see https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/events/location/kildare/
Ireland is the first, and only, country in the world to have a national day of free creativity for children and young people under 18. Cruinniú na nÓg is a flagship initiative of the Creative Ireland Programme’s Creative Youth Plan to enable the creative potential of children and young people. The inaugural Cruinniú na nÓg took place on 23rd June 2018 and for the past number of years, young people and families have come together to enjoy, a wide range of creative activities including workshops and tutorials to recitals and readings in every city, town and village across the country. Delivered in partnership with the 31 Local Authorities and supported by RTÉ, you are invited to participate in a programme of fun, free, creative activities; from graffiti art workshops to stop-motion animation, to coding and architecture workshops!
For further information about the programme contact Colleen Werle, Creative Communities Engagement Officer
Email: cwerle@kildarecoco.ie Tel: 087 488 4391
Clár Chruinniú na nÓg 2024 fógartha ag Comhairle Contae Chill Dara
Sheol Comhairle Contae Chill Dara sonraí faoi chlár Chruinniú na nÓg 2024, an lá náisiúnta a cheiliúrann cruthaitheacht leanaí agus daoine óga. Beidh ceardlanna, ceolchoirmeacha agus imeachtaí cruthaitheacha éagsúla saor in aisce ar siúl ar fud an chontae ar an Satharn 15 Meitheamh.
Buaicphointí an Chláir
Tugtar cuireadh do dhaoine óga idir 12-18 mbliana d’aois teacht chuig ‘Oíche do dhéagóirí le GALAXYZ’, féile spreagúil cheoil, ealaíne, bia agus eile i gclós Leabharlann & Ionad Cultúrtha an Náis ó 4.30i.n. – 8i.n.
Bainfidh gach a mbeidh i láthair taitneamh as ceolchoirm Garageland GALAXYZ. Beidh meascán de bhannaí óige áitiúla agus aoi-ealaíontóirí ag cur siamsaíochta ar fáil agus is é an t-aisteoir Robbie White (Netflix’s Heartstopper) a bheidh mar fhear an tí. Beidh neart deiseanna ann - bratach ealaíne ghraifítí a phéinteáil leis na saineolaithe ó Street Art Ink; triail a bhaint as ceardlann DIY inár Spás Déantóra; taitneamh a bhaint as slios píotsa agus bualadh le daoine óga eile sa tréimshe idir scrúduithe.
Cuireann Ionad Ealaíon Riverbank eispéireas idirghníomhach ceoil dar teideal ‘Pstryk!’ i láthair. Tá sé deartha go speisialta do leanaí idir 3-10 mbliana d’aois. Trí mheán an cheoil bheo, déanfar iniúchadh sa cheardlann bhríomhar seo ar fhoinn bhéaloidis na Polainne agus na hÉireann, ar ghluaiseacht chruthaitheach, agus ar cheol tobchumtha. An t-amhránaí Kasia Eliasz a bheidh ar an stiúir. Seinnfidh Rafal Szydlowski an veidhlín agus seinnfidh Maciej Blizinski an t-olldord. Beidh na léirithe ar siúl ag 2i.n. & 3i.n. i Halla Bhaile an Droichid Nua.
Óstálfaidh brainsí leabharlainne Chill Dara moil chruthaitheacha ar an 15 Meitheamh, lena n-áirítear ceardlanna féinphortráide do leanaí a bheidh ar siúl i Mainistir Eimhín agus Ráth Iomgháin, ceardlanna cnaguirlisí sultmhara le Jabba Jabba Jembe sa Droichead Nua, ceolchoirm le ceol idirghníomhach de chuid ClassicalKids i gCill Droichid, ceardlanna ukulele RockJam i Léim an Bhradáin, gníomhaíochtaí cruthaitheacha faoin nádúr agus an béaloideas i mBéal Átha an Tuair, Seó Draíochta i Leabharlann Phobail Chloch an Rince, ceardlann scríbhneoireachta do dhéagóirí i Maigh Nuad, ceardlann cheoil Baby Beats i gClaonadh, agus go leor imeachtaí eile lena gcois.
Is féidir le leanaí a bhfuil suim acu in ealaíona sorcais (mar shampla lámhchleasaíocht, fonsaí, nó plátaí guairneála) ceardlanna iarscoile saor in aisce a chur in áirithe don 13 Meitheamh i Leabharlann Bhaile Átha Í nó don 14 Meitheamh i Leabharlann Chloch an Rince.
Beidh tionscadail agus imeachtaí cruthaitheacha sa bhreis ar siúl sa phobal, mar shampla sa Stiúideo Ealaín Treibhe (Tribe Art Studio) i nDíseart Diarmada, áit ar féidir le leanaí idir 5 agus 12 bliana d'aois páirt a ghlacadh i ngcruthú ealaíne ceannoscailte, i gcruthaitheacht agus i bhféinléiriú trí mheán na gCeardlann Ealaíne um Chruthú agus Súgradh.
Beidh ‘Gabh agus Eitil d’Eitleog’ (Go Fly Your Kite) ag obair i gcomhar le Seibhísí Óige In-Sync sa Nás chun sraith ceardlann eitleoireachta ‘Talamh, Spéir agus Brionglóidí’ ('Land, Sky & Dreams') don aoisghrúpa 8-18 a chur ar fáil. Beidh na ceardlanna ar siúl idir 11-14 Meitheamh, agus tabharfar cuireadh do gach duine chuig ceiliúradh ar eitilt eitleoige ar an 15 Meitheamh ó 2:30-4:30 i.n.
Taispeántas amuigh faoin aer de shaothar leanaí áitiúla is ea ‘An Dúlra agus Mé Féin’ - saothar a cruthaíodh i Scoil Foraoise Dúlra le linn cheithre sheisiún cheardaíochta coillearnaí. Tugtar cuireadh do theaghlaigh teacht agus cruthaitheacht, draíocht agus spraoi an dúlra a fheiceáil trí shúile an linbh an fhad is a ghabhann siad ar thuras dá gcuid féin - tríd an taispeántas coillearnaí ag Coillte Bhaile Osbeird, na Solláin.
Beidh grúpaí ealaíne óige ar fud an chontae ag labhairt amach ar son guthanna cruthaitheacha daoine óga. Tugann Amharclann Óige Áth Cloch cuireadh don phobal teacht chuig Halla Pobail Theach Srafáin don taispeántas idirghníomhach ‘Who We Are,’ a dhíríonn ar shaol bhaill agus chairde Amharclann Óige Áth Cloch.
Tugann Amharclann Óige Griese cuireadh do dhaoine óga idir 11 agus 17 mbliana d’aois chuig lá de cheardlanna drámaíochta agus ealaíne dar teideal ‘Siúil i mo Bhróga!’ Ar an lá, i dTeach Cruinnithe Bhéal Átha an Tuair, déanfar iniúchadh ar choincheap na féiniúlachta, ar chultúr agus ar éagsúlacht.
Tá 'This is Art!', comórtas náisiúnta na hÉireann d’ealaín daoine óga a fhaigheann tacaíocht ó RTÉ, mar chuid de chlár Chruinniú na nÓg freisin. Fógrófar sonraí chomórtas na bliana seo ar an 15 Meitheamh mar chuid d’fhéile an lae.
Tá na himeachtaí go léir saor in aisce, ach ní mór réamháirithint a dhéanamh do go leor imeachtaí. Chun tuilleadh eolais agus sonraí maidir le háirithintí a fháil, féach https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/events/location/kildare/
Is í Éire an chéad agus an t-aon tír ar domhan a reáchtálann lá náisiúnta cruthaitheachta saor in aisce do leanaí agus do dhaoine óga faoi 18 mbliana d'aois. Tionscnamh suaitheanta de chuid Phlean um Óige Chruthaitheach Chlár Éire Ildánach is ea Cruinniú na nÓg a fhéachann le cumas cruthaitheach leanaí agus daoine óga a chumasú. Reáchtáladh an chéad Chruinniú na nÓg ar an 23 Meitheamh 2018 agus, le roinnt blianta anuas, tá daoine óga agus teaghlaigh tar éis cruinniú le chéile chun taitneamh a bhaint as réimse leathan gníomhaíochtaí cruthaitheacha lena n-áirítear ceardlanna agus ranganna teagaisc ar aithrisí agus léamha i ngach cathair, baile agus sráidbhaile ar fud na tíre. Cuirtear Cruinniú na nÓg ar fáil i gcomhpháirtíocht leis na 31 Údarás Áitiúil agus le tacaíocht ó RTÉ. Tugtar cuireadh duit páirt a ghlacadh i gclár gníomhaíochtaí cruthaitheacha spraíúla, saor in aisce; ó cheardlanna ealaíne graifítí go beochan íomhá ar íomhá, go ceardlanna códúcháin agus ailtireachta agus tuilleadh imeachtaí lena gcois!
Más mian leat níos mó eolais a fháil faoin gclár, déan teagmháil le Colleen Werle, Oifigeach Rannpháirtíochta na bPobal Cruthaitheach:
Ríomhphost: cwerle@kildarecoco.ie Teil: 087 488 4391