Óstálfaidh Comhairle Contae Chill Dara Lá Náisiúnta Súgartha 2024
Beidh imeacht teaghlaigh saor in aisce ar siúl in Áras Chill Dara, An Nás, Dé Sathairn 14 Meán Fómhair 2024
Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Chill Dara sonraí faoinár Lá Náisiúnta Súgartha 2024 a fhógairt. Imeacht lán spraoi agus uilechuimsitheach a bheidh ann do gach uile bhall den teaghlach. Beidh an t-imeacht teaghlaigh saor in aisce seo ar siúl in Áras Chill Dara, An Nás, Dé Sathairn 14 Meán Fómhair idir 12 i.n. agus 5 i.n. Is í Comhairle Contae Chill Dara atá ag eagrú na hócáide i gcomhar leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Cuirfidh Comhairle Contae Chill Dara, in éineacht le hoibrithe deonacha, éascaitheoirí ceardlann, siamsóirí agus seirbhísí éigeandála, lá lán spraoi spreagúil ar fáil, lena n-áirítear taispeántais stáitse bheo agus os cionn 30 gníomhaíocht laistigh agus lasmuigh. Beidh imeachtaí ar siúl a oirfidh do gach aoisghrúpa.
Cuirfear gnéithe inrochtaineachta ar fáil ar an lá lena n-áirítear: iontráil chiúin, bealaí isteach atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí, seomra um chéadfaí agus leithris inrochtana.
Tugann chuile mhodh súgartha, fóillíocht agus áineas, tacaíocht do leanaí le hiniúchadh a dhéanamh, le forbairt agus le foghlaim.
Tá Lá Súgartha Chill Dara á reáchtáil le breis agus 10 mbliana anuas agus freastalaíonn slua mór ar an imeacht chuile bhliain. Mar sin, táimid ag súil le lá bríomhar eile ag Áras Chill Dara i mbliana.
Ba mhaith le Comhairle Contae Chill Dara cuireadh ó chroí a thabhairt duit féin agus do do theaghlach le bheith in éineacht linn ag Lá Súgartha na bliana seo. Cuirfear gach gníomhaíocht agus páirceáil ar fáil saor in aisce agus féadfar bia agus deochanna a cheannach ar an láthair. Tá súil againn go bhfeicfimid ann tú.