Bearta Moillithe Tráchta Molta Alt 38 Den Acht Um Thrácht Ar Bhóithre 1994
I gcomhréir le forálacha Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994, tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra leis seo go bhfuil sé i gceist aici:
Línte buí dúbailte/Srianta Páirceála a mholadh d'Arda Ráth Oscair, an Nás, Co. Chill Dara.
Is féidir líníochtaí a léiríonn na hoibreacha atá beartaithe a scrúdú le linn gnáthuaireanta oscailte ó Dé Máirt an 04 Aibreán 2023 go Dé Máirt an 09 Bealtaine 2023 sna háiteanna seo a leanas: Comhairle Contae Chill Dara, An Roinn Bóithre, Iompair agus Sábháilteachta Poiblí Leibhéal 4, Áras Chill Dara,Páirc Uí Dhubhuí, an Nás, Co. Chill Dara.
agus chomh maith leis sin beifear in ann breathnú air ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Chill Dara https://kildarecoco.ie/AllServices/Roads/Section38TrafficCalmingMeasures/
Is féidir aon agóidí, aighneachtaí nó uiríll a chur i scríbhinn chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Bóithre, Iompair agus Sábháilteachta Poiblí, Leibhéal 4, tríd an seoladh thíos nó go díreach tríd an tairseach comhairliúcháin https://consult.kildarecoco.ie/en ar nó roimh 5:00 p.m. Dé Máirt an 16 Bealtaine 2023.