Fáiltítear roimh iarratais ar na poist seo a leanas ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí chun gur féidir iad a chur ar phainéil d'fhonn poist bhuana agus/nó shealadacha a líonadh de réir mar a thagann siad chun cinn.
Oifigeach Idirchaidrimh Tionóntaí
Luach saothair: Is é an scála bliantúil reatha: - €47,339 in aghaidh na bliana go €56,721 in aghaidh na bliana.
Tá foirmeacha iarratais agus na sonraí iomlána ar fáil ónár Suíomh Gréasáin ag https://kildarecoco.ie/AllServices/Recruitment/ nó ón Rannóg Acmhainní Daonna, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara - (045) 980740. Ríomhphost: jobs@kildarecoco.ie.
Is é an dáta is deireanaí ar ar féidir glacadh le bunchóip chomhlánaithe shínithe den fhoirm iarratais ná: Dáta deiridh: 18 Bealtaine 2023, 4:00 p.m.
Féadfar iarrthóirí a chur ar ghearrliosta ar bhonn eolais a thugtar ina n-iarratas. Is fostóir comhdheiseanna í Comhairle Contae Chill Dara.