Fáiltítear roimh iarratais ar na poist seo a leanas ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí chun gur féidir iad a chur ar phainéil d'fhonn poist bhuana agus/nó shealadacha a líonadh de réir mar a thagann siad chun cinn.
Leabharlannaí Brainse
Luach saothair: Is é an scála reatha: -
€14.57 in aghaidh na huaire go €23.68 in aghaidh na huaire
Tá foirmeacha iarratais agus na sonraí iomlána ar fáil ónár Suíomh Gréasáin ag https://kildare.ie/countycouncil/AllServices/Recruitment/ nó ón Rannóg Acmhainní Daonna, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara - (045) 980740. Ríomhphost: jobs@kildarecoco.ie.
Is é an dáta is deireanaí ar ar féidir glacadh le bunchóip chomhlánaithe shínithe den fhoirm iarratais ná:
Dáta deiridh: 2 Márta 2023, 4.00 p.m.
Féadfar iarrthóirí a chur ar ghearrliosta ar bhonn eolais a thugtar ina n-iarratas. Is fostóir comhdheiseanna í Comhairle Contae Chill Dara.