Bóithre agus Seirbhísí á dTógáil i gCúram – Comhairle Contae Chill Dara
De bhun Alt 180 den Acht Um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus de réir Alt 11 d'Acht na mBóithre 1993 (arna leasú):
Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Chill Dara ina cáil mar an tÚdarás um Bóithre do Chontae Chill Dara na bóithre, cosáin, soilse poiblí, spásanna oscailte agus córais uisce dromchla a thógáil i gcúram agus na bóithre a fhógairt mar bhóithre poiblí sna heastáit tithíochta a liostaítear thíos, de réir na ngnásanna léirithe agus aighneachta riachtanacha reachtúla:
Uimhir Thagartha. |
Eastát |
Baile |
2141 |
Geata na Sceiche Gile |
Cill Droichid |
Is féidir breathnú ar shonraí an mholta, lena n-áirítear léarscáileanna a thaispeánann na ceantair a mholtar iad a thógáil i gcúram, ar an Tairseach Comhairliúcháin de chuid Comhairle Contae Chill Dara ag https://consult.kildarecoco.ie/browse.
Is féidir breathnú ar na cáipéisí seo freisin ag an gcuntar poiblí i Rannóg na mBóithre agus Iompair (Urlár 4) ag Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás idir 09.30am agus 4.30pm, Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí) ó Dé Céadaoin, 5 Iúil 2023 go Dé Céadaoin, 2 Lúnasa 2023 san áireamh. Caithfear coinne a shocrú le breathnú i bpearsa ar na cáipéisí agus is féidir coinne a dhéanamh ag https://www.supersaas.co.uk/schedule/KCC_Booking_System/Roads_Transport_&_Public_Safetynó trí ghlaoch a chur ar 045 980200.
Is féidir agóidí nó aighneachtaí maidir leis an dtógáil i gcúram atá á móladh a chur isteach trí Thairseach Comhairliúcháin na Comhairle nó i scríbhinn chuig an Oifigeach Riaracháin, Roinn Rialú Forbartha, Comhairle Contae Chill Dara, Urlár 4, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. Chill Dara. Ba chóir "x” a Thógáil i gCúram a mharcáil ar aighneachtaí scríofa nuair is ionann “x” agus uimhir thagartha agus ainm an eastáit áirithe.
Is é 5:00 p.m. ar Déardaoin, 17 Lúnasa 2023 an dáta deiridh chun glacadh le hiarratais.