Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinntí
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin Bhóithre, 1994
Tugann an Chomhairle Contae Chill Dara, thar ceann John Cradock Ltd., fógra i gcomhréir le hAlt 75 d'Acht na mBóithre, 1993 agus na Rialacháin Bhóithre, 1994 go ndúnfar an bóthar seo a leanas ar an Aoine, an 25 Lúnasa 2023 go dtí an Aoine, an 1 Meán Fómhair 2023 chun tógáil Droichid Coisithe ar Ghlasbhealach na Canálach Móire a éascú.
Bóithre le bheith Dúnta |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon uair ar leith) |
|
1 |
Radharc na Canálach |
Lána an tSéipéil |
Cros Bhaile an Scorlógaigh |
8:00 p.m. – 6:00 a.m. |
Bealaí Eile: Cuirfear malairt slí ar fáil ó na Solláin tríd an R407 go dtí an t-acomhal leis an L1210 ag Faiche Chaisleán an tSaghasaigh agus ansin tríd an L1210 ag dul thar Reilig Bhaile Bhuadain agus ag críochnú ag Cros Bhaile an Scorlógaigh. |
Comharthófar malairtí treo go soiléir, mar atá aontaithe leis an gComhairle agus An Garda Síochána. Beidh rochtain éigeandála agus rochtain theoranta áitiúil fós ann.