Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinntí
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin na mBóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra, thar ceann Chlub Mótair an Gharda Síochána, agus i gcomhréir le hAlt 75 d'Acht na mBóithre, 1993, agus de Rialacháin na mBóithre 1994, go bhfuil sí chun na bóithre seo a leanas a dhúnadh Dé Domhnaigh, an 22 Meán Fómhair 2023 chun reáchtáil cnocadóireacht/ráib mhótair a éascú.
Bóithre le bheith Dúnta |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon tráth ar leith) |
|
1 |
L4007 |
L8070 Crois Choill Dhubh |
L8024 Crois Sceithrí |
8:00 a.m. – 6:00 p.m.
|
2 |
L8024 |
R418 Crois Ard Scol |
L8024 Crois Sceithrí |
8:00 a.m. – 6:00 p.m.
|
3 |
L8070 |
R418 Crois Ard Scol |
L8070 Crois Choill Dhubh |
8:00 a.m. – 6:00 p.m.
|
Bealaí Eile: Cuirfear trácht atá ag dul ó thuaidh ar an L4007 ar mhalairt slí ar dheis ag Crois Fhearann Gearaltach go Crois Bhaile an Ruiséalaigh, casfaidh sé ar chlé agus rachaidh sé ó thuaidh go Crois Bhaile an Fhóntaigh, casfaidh sé ar chlé, agus leanfaidh sé an R415 go Crois na Buaile ag an acomhal le L4007. Leanfaidh trácht ó dheas an R415 go Crois Bhaile an Fhóntaigh leis an R418, casfaidh sé ar dheis agus leanfaidh sé i dtreo Bhaile Átha Í. Ag Crois Bhaile an Ruiséalaigh, cas ar dheis, agus lean an bóthar go Crois Fhearann Gearaltach ag an acomhal leis an L4007. |
Déanfar malairtí slí a chomharthú go soiléir, faoi mar a aontaíodh leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochána. Beidh rochtain éigeandála agus rochtain áitiúil theoranta fós i bhfeidhm.