Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara, i gcomhpháirt le hOllscoil Mhá Nuad, Ré Ó Laighléis mar Scríbhneoir Cónaithe don bhliain acadúil 2024 – 25
Tá áthas ar Chomhairle Contae Chill Dara a fhógairt, i gcomhar le hOllscoil Mhá Nuad, go bhfuil Ré Ó Laighléis ceaptha mar Scríbhneoir Cónaithe don bhliain acadúil 2024 – 2025. Forbraíodh an ról mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge chun deis a thabhairt do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne a bheith ag plé le scríbhneoirí mór le rá na Gaeilge, agus chun deis a thabhairt do scríbhneoirí Gaeilge a dtionscadail féin a chur chun cinn.
Tá an post cómhaoinithe ag Ollscoil Mhá Nuad, Clár Éire Ildánach agus Comhairle Contae Chill Dara.
Is as an Naigín i gContae Bhaile Átha Cliath do Ré Ó Laighléis ó dhúchas ach tá cónaí air sa Bhoireann i gContae an Chláir le 32 bliain anuas. Tar éis dó a bheith ag múineadh ar feadh na mblianta ag leibhéal na bunscoile, ag leibhéal na hiar-bhunscoile agus ag an tríú leibhéal, d'athraigh sé a ghairm sa bhliain 1992 agus is scríbhneoir gairmiúil lánaimseartha é ó shin i leith.
Scríobhann Ré Ó Laighléis trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla agus is iomaí úrscéal agus bailiúchán de chuid an Laighléisigh a aistríodh go teangacha éagsúla eile. Tá Ó Laighléis ina mháistir ar iliomad seánraí éagsúla, mar shampla úrscéalta, gearrscéalta agus drámaí, agus tá ardmholadh tugtha dá chuid scríbhneoireachta agus iliomad duaiseanna bronnta ar shaothair dá chuid in Éirinn agus thar lear. San am atá caite, d’oibrigh Ó Laighléis mar Scríbhneoir Cónaithe do Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (Ollscoil na Gaillimhe).
I mí na Samhna 2024, le cómhaoiniú ó Ollscoil Mhá Nuad, Éire Ildánach agus Comhairle Contae Chill Dara, a ceapadh Ré Ó Laighléis sa ról mar Scríbhneoir Cónaithe i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. I measc na saothar iomadúil Gaeilge atá scríofa aige tá na húrscéalta ‘Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór’, ‘Máchail’, ‘Gafa’ agus ‘Chagrin’. Áirítear ‘Punk agus scéalta eile’, ‘Ecstasy agus scéalta eile’ agus ‘Goimh agus scéalta eile’ i measc na mbailiúchán gearrscéalta is cáiliúla dá chuid. Tá an-tóir ar leabhair Uí Laighléis in Éirinn agus níos faide i gcéin, mar shampla ‘Terror on the Burren’, ‘Hooked’, ‘The Great Book of the Shapers’, ‘Heart of Burren Stone and other stories’.
Ar fhógairt cheapachán Uí Laighléis, dúirt Gillian Allen, Leabharlannaí Contae agus Comhordaitheoir Éire Ildánach i gCill Dara, Comhairle Contae Chill Dara:"Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh Ré Ó Laighléis go Cill Dara mar ár gcéad Scríbhneoir Cónaithe; cónaitheacht atá curtha ar fáil i gcomhar le hOllscoil Mhá Nuad agus Éire Ildánach. Cuirfidh an ról seo tacaíocht luachmhar ar fáil do léitheoirí agus do scríbhneoirí na Gaeilge i gContae Cill Dara sa bhliain amach romhainn.”
Léifidh Ré Ó Laighléis go sciliúil as a chnuasach ceannródaíoch 'An Nollaig sa Naigín' i léiriú séasúrach liteartha agus ceoil in Amharclann Bhruach na hAbhann, Droichead Nua ar an 19 Nollaig. Tá gach eolas faoin ócáid Nollaigiúil agus ticéid ar fáil ar shuíomh gréasáin Ionad Ealaíon an Riverbank - https://www.riverbank.ie/ . Tá saorchead isteach chuig ‘An Nollaig sa Naigín’ ach moltar do dhaoine ticéid a chur in áirithe roimh ré.