Seolann Comhairle Contae Chill Dara Plean Áitiúil Spóirt agus Gníomhaíochta Coirp Chill Dara 2026-2031
Sheol Comhairle Contae Chill Dara Plean Áitiúil Spóirt agus Gníomhaíochta Coirp Chill Dara 2026-2031. Is creat nua atá ann ar dearadh é d’fhonn a chinntiú go mbeidh níos mó daoine ar fud Chontae Chill Dara i mbun gníomhaíocht fhisiciúil níos minice.
Tríd an bPlean, cuirtear treochlár ar fáil chun an spórt agus an ghníomhaíocht choirp a fhorbairt ar fud an chontae sna sé bliana amach romhainn, agus leis an bPlean treorófar infheistíocht, obair chomhpháirtíochta agus seachadadh clár. Forbraíodh an Plean trí mheán comhairliúchán fairsing le cónaitheoirí, clubanna, scoileanna, eagraíochtaí pobail agus páirtithe leasmhara, agus léiríonn sé tiomantas comhroinnte do phobail níos sláintiúla, níos gníomhaí agus níos cuimsithí a chruthú.
Tá Plean Áitiúil Spóirt agus Gníomhaíochta Coirp Chill Dara 2026-2031 bunaithe ar thrí théama straitéiseacha:
- Daoine agus Pobail Ghníomhacha
- Spásanna agus Áiteanna Gníomhacha
- Cumarsáid agus Comhpháirtíochtaí Gníomhacha
Aithnítear sa Phlean freisin an obair luachmhar a dhéanann oibrithe deonacha, cóitseálaithe, baill coistí agus ceannairí pobail Chill Dara a dtacaíonn a dtiomantas le clubanna, gníomhaíochtaí agus imeachtaí i bpobail fud feadh an chontae. Leanann a dtiomantas de bheith mar bhunús an spóirt agus na gníomhaíochta coirp i gCill Dara.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Cathaoirleach Chontae Chill Dara, an Comhairleoir Tim Durkan:“Baineann an Plean seo le daoine, pobail agus deiseanna. Cuireann sé le traidisiún láidir spóirt Chill Dara agus le tiomantas oibrithe deonacha, clubanna agus eagraíochtaí pobail, agus cuirfidh sé le cumas daoine a bheith gníomhach agus buntáistí sláinte, folláine agus sóisialta fadmharthanacha a chruthú do phobail ar fud an chontae.’
Dúirt Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chill Dara: “Tá sé de chumhacht ag an spórt agus ag an ngníomhaíocht choirp feabhas a chur ar an saol, pobail a neartú agus tacú le sláinte agus folláine níos fearr. De réir mar a leanann Cill Dara de bheith ag fás, cuireann an Plean seo treochlár soiléir ar fáil chun a chinntiú go mbeidh an deis ag gach duine a bheith gníomhach agus go mbeidh siad in ann taitneamh a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an rannpháirtíocht."
Dúirt an Dr Úna May, Príomhfheidhmeannach, Spórt Éireann: "Tá ríméad orm faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i gCill Dara chun tacú le spórt agus gníomhaíocht choirp do chách. Dírítear go láidir sa Phlean sin ar níos mó daoine a chur ag gníomhú agus deireadh a chur le bacainní ar an rannpháirtíocht, go háirithe dóibh siúd a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar níos mó dúshlán maidir le rochtain a fháil ar dheiseanna le bheith gníomhach.’
Chun tosaíochtaí Phlean Áitiúil Spóirt agus Gníomhaíochta Coirp Chill Dara 2026-2031 a bhaint amach, beidh gá le hinfheistíocht leanúnach sna saoráidí agus sna spásanna a fhreastalaíonn ar phobail áitiúla.
Tugann Ciste Saoráidí Spóirt Pobail (CSFF) an Rialtais, a osclaíodh i mí Dheireadh Fómhair, deis thábhachtach do chlubanna spóirt agus d’eagraíochtaí incháilithe infheistíocht a fháil i saoráidí, i dtrealamh agus i mbonneagar. Cuideoidh maoiniú tríd an gCSFF le seachadadh na dtionscadal sin a thacaíonn le tuilleadh rannpháirtíochta sa spórt agus i ngníomhaíocht choirp ar fud Chontae Chill Dara. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gCiste, tabhair cuairt ar: https://www.gov.ie/en/department-of-culture-communications-and-sport/press-releases/community-sport-cilities-fund-2026-ouncement/
Is féidir breathnú ar Phlean Áitiúil Spóirt agus Gníomhaíochta Coirp Chill Dara 2026-2031 ag https://kildarecoco.ie/AllServices/Community/ActiveKildare/Documents/









