Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara
Tugann Údarás Áitiúil Chill Dara faoi deara na dualgais a leagtar orthu de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus tá Údarás Áitiúil Chill Dara tiomanta na dualgais sin a chomhlíonadh. Tá sé mar aidhm ag Údarás Áitiúil Chill Dara freastal ar dhaoine ar mhaith leo gnó a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge.
Cabhraíonn an tOifigeach Gaeilge le baill foirne na Comhairle a ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh, mar aon leis an reachtaíocht ghaolmhar a chomhlíonadh. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge ar gaeilge@kildarecoco.ie