Skip to Main Content

Seirbhísí Brainse
Branch Services

Eng
Gae

Our libraries offer assistive technologies and items for use in the branch, including:

  • Communications boards
  • Ear defenders
  • Oversized keyboards (for use with library PCs/laptops)
  • Computer tracker pads/joysticks (for use with library PCs/laptops)
  • Baskets and trolleys for carrying books
  • Stools to sit on while browsing shelves

Please enquire at your branch about availability.

Cuireann ár leabharlanna teicneolaíochtaí agus míreanna cúnta ar fáil lena n-úsáid sa bhrainse, lena n-áirítear:

  • Boird chumarsáide
  • Cosantóirí Cluas
  • Méarchláir rómhóra (le húsáid le ríomhairí pearsanta/ríomhairí glúine leabharlainne)
  • Pillíní/luamháin stiúrtha rianaithe ríomhaire (lena n-úsáid le ríomhairí pearsanta/ríomhairí glúine leabharlainne)
  • Ciseáin agus tralaithe chun leabhair a iompar
  • Stóil le suí orthu agus seilfeanna á mbrabhsáil

Iarrtar ort iad sin a fhiosrú ag do bhrainse faoin infhaighteacht.

All our libraries provide public access computers. Our PCs are managed by Netloan PC reservation software. Sessions are 60 minutes in duration, and can be self-extended at the PC, subject to availability. PC sessions in all our branches can be reserved in advanced via the online booking portal or by contacting the library directly.

  • Users must agree to the terms and conditions of computer and internet access before using these PCs.
  • Children are permitted to use PCs provided that a parent or guardian has given consent. Children are permitted one session (up to 60 minutes maximum) per day.

Laptops

Laptops may be borrowed from special LapSafe lockers at select library branches with your library card and PIN. These loans last for 3 hours and are only for use in the library. Our laptops have Microsoft Word, Excel and Powerpoint installed. It is not possible to install your own software to library laptops, nor do they have CD-ROM drives.

Patrons are also welcome to use their own devices in our libraries and connect to library WiFi.

Cuireann ár leabharlanna go léir ríomhairí rochtana poiblí ar fáil. Tá ár ríomhairí pearsanta á mbainistiú ag bogearraí áirithinte Netloan. Maireann na seisiúin 60 nóiméad, agus féadfaidh an duine féin iad a shíneadh ag an ríomhaire féin, faoi réir infhaighteachta. Féadtar seisiúin ríomhaire inár mbrainsí go léir a chur in áirithe roimh ré tríd an tairseach áirithinte ar líne nó trí theagmháil dhíreach a dhéanamh leis an leabharlann.

  • Ní mór d'úsáideoirí aontú leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rochtain ar ríomhaire agus ar an idirlíon sula n-úsáideann siad na ríomhairí pearsanta sin.
  • Tá cead ag leanaí ríomhairí pearsanta a úsáid ar choinníoll go bhfuil toiliú tugtha ag tuismitheoir nó caomhnóir. Ceadaítear seisiún amháin (suas le 60 nóiméad ar a mhéad) in aghaidh an lae do leanaí.

Ríomhairí glúine

Féadtar ríomhairí glúine a fháil ar iasacht ó thaisceadáin speisialta LapSafe ag brainsí leabharlainne roghnaithe le do chárta leabharlainne agus UAP. Maireann na hiasachtaí sin ar feadh 3 huaire an chloig agus sa leabharlann amháin is féidir iad a úsáid. Tá Microsoft Word, Excel agus Powerpoint suiteáilte ag ár ríomhairí glúine. Ní féidir do bhogearraí féin a shuiteáil ar ríomhairí glúine leabharlainne, ná níl tiomántán CD-ROM acu.

Tá fáilte roimh phátrúin freisin a ngléasanna féin a úsáid inár leabharlanna agus ceangal a dhéanamh le WiFi na leabharlainne.

Many of our libraries offer bright, welcoming spaces perfect for events, workshops, and community programming.

Some branches feature dedicated event areas equipped with Samsung Flip screens, laptops, and projectors to help make your session a success.

Interested in using these facilities? Get in touch with your local branch - staff will be happy to guide you through the options.

Cuireann go leor dár leabharlanna spásanna geala fáiltiúla ar fáil atá iontach le haghaidh imeachtaí, ceardlanna agus do chlársceidealú pobail.

I roinnt brainsí tá limistéir ann d’imeachtaí tiomnaithe agus iad feistithe le Smeach-scáileáin Samsung, ríomhairí glúine, agus teilgeoirí chun cabhrú le go n-éireoidh go maith le do sheisiún.

An bhfuil spéis agat na háiseanna sin a úsáid? Bí i dteagmháil  – beidh an fhoireann sásta tú a threorú trí na roghanna.

Home Energy Saving Kits are available to borrow, free of charge, from our libraries. The kit contains five tools to help you measure how your home is using energy, where energy might be escaping and how you can make easy changes to start saving right away. Included in the kits are:

  • Thermal leak detector: measures heat loss and identifies areas to insulate in your home.
  • Plug-in energy monitor: measures how much electricity your home appliances are using.
  • Temperature and humidity meter: measures both the temperature and humidity level of each room in your home.
  • Radiator key: use the radiator key to bleed your rads and make sure they are working as efficiently as possible.
  • Fridge-freezer thermometer: accurately measures the temperature inside your fridge and freezer.

Contact your local branch to enquire about availability.

Trealamh Coigilte Fuinnimh Baile ar fáil lena bhfáil ar iasacht, saor in aisce, ónár leabharlanna. Tá cúig uirlis sa trealamh chun cabhrú leat tomhas a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil do theach ag úsáid fuinnimh, áit as a bhféadfadh fuinneamh a bheith ag éalú agus conas is féidir leat athruithe éasca a dhéanamh chun tús a chur le sábháil láithreach bonn. San áireamh sa trealamh tá:

  • Brathadóir sceite teirmeach: déanann sé caillteanas teasa a thomhas agus aithnítear leis na limistéir atá le hinsliú i do theach.
  • Monatóir fuinnimh plugála: leis sin déantar tomhas ar cé mhéad leictreachais atá á úsáid ag d'fhearais tí.
  • Méadar teochta agus taise: déanann sé teocht agus leibhéal taise gach seomra i do theach a thomhas.
  • Eochair radaitheora: bain úsáid as an eochair radaitheora chun do radaitheoirí a sceitheadh agus déan cinnte go bhfuil siad ag obair chomh héifeachtúil agus is féidir.
  • Teirmiméadar cuisneora-reoiteora: déanann sé an teocht taobh istigh de do chuisneoir agus do reoiteoir a thomhas go cruinn.

Déan teagmháil le do bhrainse áitiúil chun fiosrú a dhéanamh faoin infhaighteacht.

Kildare Reads, the podcast from Kildare Library Service, is a celebration of books, authors, and the joy of reading. This podcast offers listeners a chance to revisit captivating conversations from past Kildare Readers Festivals, bringing the festival atmosphere and literary discussions right to your ears.

Kildare Reads invites you to settle in and listen to engaging discussions with authors about their work, inspirations, and the stories behind their books. Whether you missed these talks the first time around or want to relive the experience, this podcast is a perfect way to connect with the literary world.

Listen on Spotify

Ceiliúradh ar leabhair, údair, agus áthas na léitheoireachta is ea Kildare Reads, an podchraoladh ó Sheirbhís Leabharlainne Chill Dara. Leis an bpodchraoladh seo tugtar seans d'éisteoirí éisteacht in athuair le comhráite fíorspéisiúla ó Fhéilte Léitheoirí Chill Dara san am a chuaigh thart, rud a thugann atmaisféar na féile agus plé liteartha i gceart caol díreach chuig do chuid cluasa.

Le Kildare Reads tugtar cuireadh duit socrú isteach agus éisteacht le plé spéisiúil le húdair faoina saothar, faoina n-ábhair inspioráide, agus faoi na scéalta atá taobh thiar dá gcuid leabhar. Cibé acu ar chaill tú na cainteanna sin an chéad uair nó ar mhaith leat an t-eispéireas a bheith agat in athuair, is bealach iontach atá sa phodchraoladh seo chun ceangal a dhéanamh leis an domhan liteartha.

Éist leis ar Spotify

All of our libraries have self-service printing facilities for the public. You can print direct from the public PCs in the library, from USB (PDF format only) or via email. When emailing print jobs, you will receive a Release Code by return email, which confirms your printing has been received by the printer; you have 72 hours to call to the library and collect your printing by entering your release code at the printer kiosk. To find your library's printer email address, please visit the relevant library's page.

Photocopying is available at the same rates as printing.

Scanning to email address/USB is available free of charge.

This service is provided by Print Copy and Go and is subject to their Privacy Policy and Data Protection guidelines.

Payment* is via the kiosk and costs:

Print/Copy Black & White Colour
A4 €0.20 €0.60
A3** €0.40 €1.20

Please note that limits apply to the number of pages that can be printed/photocopied at one time. Enquire in-branch for more details.
* Card and cash accepted.
** A3 print, scan and copy only available at main library locations.

Bíonn áiseanna priontála don phobail ar fáil i ngach leabharlann dár gcuid. Táimid ag aistriú de réir a chéile go múnla féinseirbhíse a chiallaíonn ní amháin gur féidir leat priontáil díreach ó do ghléas féin in ár leabharlanna ach gur féidir tascanna priontála a sheoladh agus a bhailiú sa leabharlann.

Tá an tseirbhís curtha ar fáil le Print Copy and Go.

Íoctar ag na bothanna agus is iad iad seo a leanas na costais:

Priontáil/Cóipeáil D&B Daite
A4 €0.20 €0.60
A3 €0.40 €1.20

Reader Pens are available to borrow or use in the library. Reader pens read words and full lines of text aloud which promotes reading independence. They have a built-in dictionary, along with a built-in speaker and an earphone jack. They are rechargeable and easy to use.

The reader pens help with reading, pronunciation and language learning. They are helpful for anyone with dyslexia and are also suitable for people with visual impairment.

Pinn Léitheora ar fáil lena dtógáil ar iasacht nó le húsáid sa leabharlann. Léann pinn léitheora focail agus línte iomlána téacs os ard a chuireann neamhspleáchas léitheoireachta chun cinn. Tá foclóir ionsuite orthu, mar aon le callaire ionsuite agus seac cluasáin. Tá siad in-athluchtaithe agus éasca le húsáid.

Cuidíonn na pinn léitheora leis an léitheoireacht, le fuaimniú agus le foghlaim teanga. Tá siad cabhrach do dhuine ar bith a bhfuil disléicse orthu agus tá siad oiriúnach freisin do dhaoine a bhfuil lagú amhairc orthu.

Kildare Seed Library is a seasonal service that encourages people to grow their own food. From spring through autumn, we offer free packets of organic, open-pollinated seeds at our seven main libraries (Athy, Celbridge, Kildare Town, Leixlip, Maynooth, Naas, and Newbridge).

Each spring, we run gardening workshops for beginners and experienced growers, and in autumn, we host seed-saving sessions, swaps, and talks on biodiversity and food sovereignty. Donated seeds, grown without chemicals, are always welcome.

🎉 In 2025, Kildare Seed Library won a Green Transformation Award for Life Sciences.

Seirbhís shéasúrach is ea Leabharlann Shíolta Chill Dara a spreagann daoine chun a gcuid bia féin a fhás. Ón earrach tríd an bhfómhar, cuirimid paicéid de shíolta orgánacha, pailnithe oscailte ar fáil saor in aisce ag ár seacht bpríomhleabharlann (Baile Átha Í, Cill Droichid, Baile Chill Dara, Léim an Bhradáin, Maigh Nuad, An Nás, agus Droichead Nua).

Gach earrach, reáchtálaimid ceardlanna garraíodóireachta do thosaitheoirí agus do shaothraithe a bhfuil seantaithí acu, agus san fhómhar, óstálaimid seisiúin sábhála síolta, babhtálacha, agus cainteanna ar an mbithéagsúlacht agus ar cheannasacht bia. Bíonn fáilte i gcónaí roimh shíolta bronnta, a fhástar gan cheimiceáin.

Sensory Pods are a safe space designed to address the needs of those with sensory support, processing or anxiety-based challenges. They offer options to engage or limit visual, auditory and kinesthetic supports.

Sensory pods are available in the following libraries: Kildare Town and Leixlip.

Sensory Cubbies offer a sensory solution for people with autism, ADHD and other sensory processing disorders (SPD) and anxiety. It delivers a sensory programme specific to a person’s unique sensory needs, helping them to regulate and better participate in school, work or play activities. The Cubbie is easy to use, allowing each user to adjust LED lighting, sounds and vital effects to match their needs. It provides flexible seating options including slings and rockers, and is wheelchair  accessible.

Sensory cubbies are available in the following libraries: Athy and Naas.

Please contact the relevant library directly for more info or or book a session.

Is spás sábháilte iad Faighneoga Céadfacha atá deartha chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine a bhfuil tacaíocht chéadfach, phróiseála nó dúshláin atá bunaithe ar imní acu. Cuireann siad roghanna ar fáil chun tacaíochtaí amhairc, éisteachta agus cinéistéiseacha a mhealladh nó a theorannú.

Tá faighneoga céadfacha ar fáil sna leabharlanna seo a leanas: Baile Chill Dara agus Léim an Bhradáin.

Tairgtear le Faighneoga Céadfacha Cubbie réiteach céadfach do dhaoine a bhfuil uathachas, NEAH agus neamhoird phróiseála céadfaí eile agus imní orthu. Seachadtar leo clár céadfach a bhaineann go sonrach le riachtanais chéadfacha uathúla duine, rud a chabhraíonn leo gníomhaíochtaí scoile, oibre nó súgartha a rialáil agus páirt níos fearr a ghlacadh iontu. Tá an Cubbie éasca le húsáid, rud a ligeann do gach úsáideoir soilsiú LED, fuaimeanna agus éifeachtaí ríthábhachtacha a choigeartú chun a gcuid riachtanas a mheaitseáil. Soláthraítear leo roghanna suíocháin solúbtha lena n-áirítear suíocháin luascáin agus luascairí, agus tá sé inrochtana do chathaoireacha rothaí.

Tá Cubbie céadfacha ar fáil sna leabharlanna seo a leanas: Baile Átha Í agus An Nás.

Téigh i dteagmháil leis an leabharlann ábhartha go díreach le haghaidh tuilleadh eolais nó le seisiún a chur in áirithe.

Sensory toy boxes, funded by County Kildare Access Network (CKAN), are available in all 15 Kildare libraries. Each box contains items designed to support comfort and focus, including weighted toys, stress balls, ear defenders, and other sensory aids. They're free to use during your visit - just ask a member of staff if you’d like one.

boscaí bréagán céadfach, arna gcistiú ag Líonra Rochtana Chontae Chill Dara, ar fáil i ngach ceann de na 15 leabharlann de chuid Chill Dara. Tá míreanna i ngach bosca atá deartha chun tacú le compord agus fócas, lena n-áirítear bréagáin ualaithe, liathróidí struis, cosantóirí cluas, agus áiseanna céadfacha eile. Tá siad saor in aisce le húsáid le linn do chuairte — níl le déanamh ach ceist a chur ar bhall foirne más mian leat duine a fháil chuige sin.

Social Stories are short narratives that provide individuals, particularly those with neurodivergent needs, with information about various social situations, events, or expectations. They aim to provide help understanding and navigating social interactions, develop appropriate behaviours, and reduce anxiety or confusion in unfamiliar situations.

All of our library locations have, or are in the process of creating, branch-specific social stories; a link to view or download a branch's social story can be found in the Branch Links section of its webpage.

Insintí gairide is ea Scéalta Sóisialta a thugann eolas do dhaoine aonair, go háirithe iad siúd a bhfuil riachtanais néara-éagsúla acu, faoi staideanna, imeachtaí nó ionchais shóisialta éagsúla. Is é is aidhm dóibh cabhair a chur ar fáil chun idirghníomhaíochtaí sóisialta a thuiscint agus a nascleanúint, iompraíochtaí cuí a fhorbairt, agus imní nó mearbhall a laghdú i gcásanna neamhchoitianta.

Tá scéalta sóisialta a bhaineann go sonrach le brainsí ar leith ag ár láithreacha leabharlainne go léir, nó tá siad á gcruthú; is féidir teacht ar nasc chun scéal sóisialta brainse a fheiceáil nó a íoslódáil sa rannán Naisc Bhrainse dá leathanach gréasáin.

Most of our libraries provide desk space for study and work purposes—check with your local branch about availability.

Athy, Leixlip and Naas libraries offer dedicated study/work desk spaces that can be reserved online.

Sa chuid is mó dár leabharlanna soláthraítear spás deisce chun críocha staidéir agus oibre — déan seiceáil le do bhrainse áitiúil faoin infhaighteacht.

I leabharlanna Bhaile Átha Í, Léim an Bhradáin agus an Náis tá spásanna tiomnaithe staidéir/deisce oibre iontu ar féidir iad a chur in áirithe ar líne.

The Tovertafel is a special projector that turns any blank surface into a ‘magic table’, or interactive games surface. It was developed with the care sector in mind, focusing on making games more accessible and therapeutic to those with a cognitive challenge. In particular, games have been developed that support children and adults with autism and older adults with Alzeimher's and Dementia.

The following branches have a Tovertafel: Leixlip and Naas. Please contact the library directly to enquire.

Portable Tovertafel

Kildare Library Service also provides access to the Tovertafel through a portable projector that rotates between library branches. This unit is not available for loan. Contact your local library to enquire about availability.

Teilgeoir speisialta is ea an Tovertafel a iompaíonn aon dromchla bán ina ‘bhord draíochta', nó ina dhromchla cluichí idirghníomhacha. Forbraíodh é agus earnáil an chúraim san áireamh, ag díriú ar chluichí a dhéanamh níos inrochtana agus níos teiripí dóibh siúd a bhfuil dúshlán cognaíoch acu. Go háirithe, forbraíodh cluichí a thacaíonn le leanaí agus daoine fásta a bhfuil uathachas orthu agus daoine fásta níos sine a bhfuil Alzeimher's agus Néaltrú orthu.

Tá Tovertafel ag na brainsí seo a leanas: Léim an Bhradáin agus an Nás. Téigh i dteagmháil leis an leabharlann go díreach chun fiosrú a dhéanamh ina leith.

Tovertafel Inaistrithe

Soláthraíonn Seirbhís Leabharlainne Chill Dara rochtain ar an Tovertafel freisin trí theilgeoir iniompartha a rothlaíonn idir brainsí na leabharlann. Níl an t-aonad seo ar fáil le haghaidh iasachta. Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil chun fiosrú a dhéanamh faoin infhaighteacht.

Touch-type Read Spell (TTRS) is a literacy programme aimed at improving reading and spelling while teaching touch-typing. It is specifically designed for those with learning differences such as Dyslexia and Dyspraxia.

TTRS is available in the following Kildare Libraries: Athy, Celbridge, Kildare Town, Leixlip, Maynooth, Naas and Newbridge.

For more information, please contact a library branch listed above.

Is clár litearthachta é an Tadhallchlóscríobh Léigh Litrigh (Touch-type Read Spell) atá dírithe ar an léitheoireacht agus ar an litriú a fheabhsú agus tú ag múineadh tadhallchlóscríofa. Tá sé deartha go sonrach dóibh siúd a bhfuil difríochtaí foghlama acu ar nós Disléicse agus Diospraicse.

Tá an Tadhallchlóscríobh Léigh Litrigh ar fáil sna Leabharlanna seo a leanas i gCill Dara: Baile Átha Í, Cill Droichid, Baile Chill Dara, Léim an Bhradáin, Maigh Nuad, an Nás agus an Droichead Nua.

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le brainse leabharlainne atá liostaithe thuas.

Our 3D virtual tours let you take a stroll through any of our library branches without leaving home. Wander the shelves, check out our spaces, and get a feel for what’s inside - all online and easy to use. It’s a great way to explore before you visit, or just have a look around from your couch.
Access your library's tour via the Branch Links section on its webpage.

Lenár dturais fhíorúla 3T féadfaidh tú dul ag spaisteoireacht trí aon cheann dár mbrainsí leabharlainne gan an baile a fhágáil. Téigh ag spaisteoireacht feadh na seilfeanna, féach ar ár spásanna, agus faigh blaiseadh dá bhfuil istigh iontu ¬– iad uile ar líne agus éasca le húsáid. Is bealach iontach é le spléachadh a thabhairt ar an áit sula dtéann tú a fhad leo, nó le breathnú thart ar an áit ó do tholg féin.

Faigh rochtain ar thuras do leabharlainne tríd an rannán Naisc Bhrainse ar a leathanach gréasáin.

Kildare Libraries provides WiFi access in all our branches subject to our full Terms & Conditions (PDF document).

  • You must be a library member to access the WiFi—login using your library card number and PIN.
  • Children can access the Wifi providing permission has been given by a parent/guardian and is recorded on their library account.
  • Guest or temporary access is not possible.

Kildare Libraries also provide access to eduroam, a WiFi service enabling students, researchers and staff from participating institutions to securely access the internet at their institution using the library network. This is provided in partnership with HEAnet.

I Leabharlanna Chill Dara soláthraítear rochtain Wi-Fi inár mbrainsí go léir faoi réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha iomlána (doiciméad PDF).

  • Ní mór duit a bheith i do bhall leabharlainne chun rochtain a fháil ar an Wi-Fi ¬– féadtar logáil isteach trí úsáid a bhaint as uimhir do chárta leabharlainne agus UAP.
  • Is féidir le leanaí rochtain a fháil ar an Wi-Fi agus cead tugtha ag tuismitheoir/caomhnóir ina leith sin agus déantar é a thaifeadadh ar a gcuntas leabharlainne.
  • Ní hann do rochtain aíonna ná rochtain shealadach.

Cuireann Leabharlanna Chill Dara rochtain ar fáil freisin ar eduroam, seirbhís WiFi a chuireann ar chumas scoláirí, taighdeoirí agus baill foirne ó institiúidí rannpháirteacha rochtain shlán a fháil ar an idirlíon ina n-institiúid féin ag baint úsáid as líonra na leabharlainne. Cuirtear é sin ar fáil i gcomhpháirtíocht le HEAnet.

Bring your ideas to life with our 3D printing facilities, available in Kildare Town, Leixlip, Maynooth, Naas, and Newbridge libraries.

You can design your own 3D creations on a library PC or upload your own design file and have it printed on our 3D printer. Because 3D printing takes time and uses specialist materials, please speak to a member of staff first—they’ll guide you through the process and schedule your print.

Want to see what’s possible? Check out some of the amazing models in-branch, created by our talented library makers!

Plus, explore our Makerspace in Naas Library - a creative hub offering workshops and programming for budding innovators and designers.

Cuir beocht i do chuid smaointe lenár n-áiseanna priontála 3T, atá ar fáil i leabharlanna Bhaile Chill Dara, Léim an Bhradáin, Mhá Nuad, an Náis, agus Dhroichead Nua.

Is féidir leat do chuid cruthúchán 3T féin a dhearadh ar ríomhaire leabharlainne nó do chomhad dearaidh féin a uaslódáil agus é a phriontáil ar ár bprintéir 3T. Toisc go dtógann priontáil 3T am agus go n-úsáideann sí sainábhair, labhair le ball foirne ar dtús – treoróidh siad thú tríd an bpróiseas agus sceidealóidh siad do phriontáil.

An mian leat a fheiceáil cad is féidir a dhéanamh? Amharc ar chuid de na samhlacha iontacha atá istigh sa bhrainse, cruthaithe ag ár lucht leabharlainne cumasach!

Ina theannta sin, féach ar mol cruthaitheach an Náis a thairgeann ceardlanna agus ríomhchlárúchán do nuálaithe agus dearthóirí atá ag teacht chun cinn.

Library Events and News, Straight to Your Inbox

Subscribe to our Newsletter