Fáiltíonn Comhairle Contae Chill Dara roimh Iarratais ar
Dhámhachtain-Sparánachta Éire Ildánach Chill Dara 2025
23 Eanáir 2025: Tá Comhairle Contae Chill Dara ag glacadh le hiarratais ar Dhámhachtain-Sparánachta Éire Ildánach Chill Dara 2025 faoi láthair. Tacaíonn an dámhachtain seo le tionscadail agus le tograí a chuireann feabhas ar an rochtain atá ar chultúr agus cruthaitheacht i gContae Chill Dara, ar an gcaoi a nglacann daoine páirt agus ar an gcaoi a mbaineann daoine taitneamh as cultúr agus cruthaitheacht. Baineann luach idir EUR 3,000-EUR 10,000 leis na dámhachtainí – sparánachta a chuirfear ar fáil chun tacú le tionscadail chruthaitheacha chultúrtha agus chun tacú leis an gcomhoibriú idirdhisciplíneach i réimsí na n-ealaíon, na hoidhreachta, na dtionscadal cruthaitheach, an ghníomhaithe ar son na haeráide, na folláine agus i réimsí eile nach iad.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó chleachtóirí agus ealaíontóirí aonair cruthaitheacha, ó ghrúpaí pobail agus ó Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide i dtaca le tograí a dtabharfar fúthu in 2025. Is féidir iarratais a chur isteach faoi láthair ach an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú ag Comhairle Contae Chill Dara — Leabharlann & Na hEalaíona.
12pm Dé hAoine, 7 Márta 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Tá critéir incháilitheachta mhionsonraithe ar fáil tríd mheán na foirme iarratais.
Seisiúin Eolais faoi Phobail Chruthaitheacha 2025
Cuirfidh Comhairle Contae Chill Dara roinnt Seisiúin Eolais ar fáil maidir le Pobail Chruthaitheacha agus tabharfar eolas faoi thosaíochtaí straitéiseacha chlár Éire Ildánach Chill Dara agus faoi dheiseanna maoinithe. Beidh na seisiúin seo suimiúil, go háirithe d’ealaíontóirí, grúpaí pobail, grúpaí óige, agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh ar Dhámhachtain-Sparánachta Éire Ildánach Chill Dara in 2025.
Beidh na seisiúin ar siúl sna háiteanna seo a leanas:
- Leabharlann Phobail Mhaigh Nuad — Dé Sathairn 25 Eanáir, 10:30am
- Leabharlann Phobail Chill Droichid — Dé Máirt 28 Eanáir, 7pm
- Leabharlann Bhaile Chill Dara — Dé Céadaoin 29 Eanáir, 10am
- Leabharlann & Ionad Cultúrtha an Náis - Dé Céadaoin 29 Eanáir, 6:30 p.m.
- Leabharlann Phobail Dhroichead Nua — Dé hAoine 31 Eanáir, 10:30am
- Leabharlann Phobail Bhaile Átha Í — Dé Máirt 4 Feabhra, 6:30p.m.
Tá fáilte roimh chách freastal ar na seisiúin saor in aisce seo ach moltar do dhaoine spás a chur in áirithe roimh ré, agus is féidir é sin a dhéanamh ar an bhféilire imeachtaí ar shuíomh gréasáin Sheirbhís Leabharlainne Chill Dara – https://kildarecoco.ie/library/Calendar/