Lorgaíonn Comhairle Contae Chill Dara
Léirithe Spéise do
Chomhpháirtíochtaí nua um Shábháilteacht Pobail Áitiúil
Ceapachán an Chathaoirligh ar Chomhpháirtíochtaí nua um Shábháilteacht Pobail Áitiúil Chontae Chill Dara
26 Meitheamh 2024: Lorgaíonn Comhairle Contae Chill Dara léirithe spéise uathu siúd ar mhaith leo a bheith curtha san áireamh don cheapachán mar Chathaoirleach ar Chomhpháirtíochtaí nua um Shábháilteacht Pobail Áitiúil Chontae Chill Dara.
Tá Comhpháirtíochtaí Áitiúla um Shábháilteacht Pobail nua á mbunú i ngach limistéar Údaráis Áitiúil de réir an Achta um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail 2024. Is in áit na gComhchoistí Póilíneachta (CCPanna), atá ann cheana féin, a bheidh na Comhpháirtíochtaí nua agus tógfaidh siad ar obair na CCPanna. Cuirfidh siad fóram ar fáil do ghníomhaireachtaí Stáit agus d’ionadaithe na bpobal áitiúil chun comhoibriú le chéile ag an leibhéal áitiúil agus chun gníomhú maidir le hábhair a dhéanann imní don phobal. Éascóidh sé seo fóram níos iomlánaíche don phlé, do ghlacadh cinntí agus do ghníomhuithe i ndáil le tosaíochtaí pobail.
Caithfear léirithe spéise a sheoladh chuig lcsp@kildarecoco.ie roimh 5:00 i.n. ar an Luan 15 Iúil 2024.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag an nasc seo: https://kildarecoco.ie/AllServices/Community/LocalCommunitySafetyPartnership/