skip to main content
  • 045 980200
  • Head Office: Áras Chill Dara Devoy Park Naas Co Kildare W91 X77F

Cúrsaí Gaeilge

Conas Fiosrú nó Gearán a dhéanamh

Cad ba cheart dom a dhéanamh má tá gearán agam faoi seirbhís ó Chomhairle Condae Chill Dara?

Má tá imní ort faoi seirbhís ar leith, ba cheart duit labhairt le nó scríobh chuig ball foirne sa rannóg cuí.  Má tá fadhb ann, déanfaimid iarracht ar réiteach a sholáthar láithreach.

Beidh ár Rannóg Cúraim Custaiméirí, lionnaithe ag Áras Chill Dara, lán-sásta cabhrú leat má tá imní ort nó má theastaíonn uait gearán foirmiúil a dhéanamh.

Conas is féidir liom gearán foirmiúil a dhéanamh?

Ba mhaith linn bheith ar an eolas nuair atá locht ar ár seirbhísí.  Teastáionn orainn cursaí a cheartú, agus ceachtanna a fhoghlaim on ár mbotúin. Chun é seo a dhéanamh, déanaimid iarracht ar gearán foirmiúil a dhéanamh a éascú duit.  Is féidir leat ár Foirm Gearáin ar-líne a úsáid, scríobh chugainn, cuairt a thabhairt orainn nó teagmháil a dhéanamh linn ar guthán, ríomh-phost nó facs.

Má táim mí-shásta leis an freagra a fuaireas, cad eile is féidir liom a dhéanamh?

Nuair a faightear do ghearán, gheobhaigh tú admháil taobh istigh de trí lá oibre.  Déanfaidh an admháil seo dearbhú gur chuireadh do ghearán faoi bhráid bainisteora na seirbhíse cuí, agus go gcuirfear chugat, chomh fada agus is féidir, freagra iomlán i scríbhinn taobh istigh de 20 lá oibre.  Má tharlaíonn nach féidir a leithéad a dhéanamh, scríobhfear chugat agus tabharfar chugat neas-amscála le freagra a thabhairt.

Má táim fós mí-shásta leis an bhfreagra, cad eile is féidir liom a dhéanamh?

Má ta tú mí-shásta leis an bhfreagra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cúraim Custaiméirí sa Rannóg Seirbhísí Corporáideacha maidir leis an seirbhís atá faoi ghearáin agat.  Déanfaidh an Oifigeach dearbhú go bhfuarthas do ghearán taobh istigh de trí lá oibre.  Féachfaidh an Oifigeach Cúraim Custaiméirí chuige go ndéanfaidh oifigeach níos sinsearaí scrúdú ar do ghearán, agus, de ghnáth, gheobhaidh tú freagra iomlán i scríbhinn taobh istigh de 20 lá oibre.

Má táim fós mi-shásta, an féidir liom mo ghearán a thabhairt níos fuide?

Is oifigeach neamhspleách í an Ombudsman, a dhéanann scrudú ar an tSeirbhís Poiblí agus a gcuid seirbhísi. Is féidir leat gearán a chur go díreach chuig an Ombudsman am ar bith, ach, de ghnáth, déanfaidh sí scrúdú ar ghearán tar éis é a phlé faoin modh déanta gearán.

Seoladh an Ombudsman:

Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Guthán Íosghlao :1890 223030
Guthán: 01 6395600
Facs: 01 6395674
Ríomh-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
Suíomh Gréasáin: www.ombudsman.ie