skip to main content
  • 045 980200
  • Head Office: Áras Chill Dara Devoy Park Naas Co Kildare W91 X77F

Cúrsaí Gaeilge

Maoiniú & Scéimeanna Gaeilge

Scéimeanna Gaeilge de chuid Chomhairle Contae Chill Dara

Scéim na bhFáinní – Scéim Ghaeilge do Bhunscoileanna fud fad Chontae Chill Dara

Scéim na bhfáinní

Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara a d’fhorbair an scéim seo a chuirfear i bhfeidhm le tacaíocht ó Chill Dara le Gaeilge agus ó Chonradh na Gaeilge.  Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo scoileanna a spreagadh chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc daltaí i rang a sé agus iad ag fáil faoi réir don aistriú tábhachtach go dtí leibhéal an iar-bhunoideachais.   

Chun páirt a ghlacadh sa scéim, iarrtar ar mhúinteoirí clár sé seachtaine a éascú chun an méid Gaeilge a labhraíonn na daltaí a mhéadú. Tá an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga mar chuid lárnach den chlár m.sh. Ealaín trí Ghaeilge, Corpoideachas trí Ghaeilge, Ceol trí Ghaeilge is araile. Mar chuid den chlár, tabharfaidh daltaí rannpháirteacha faoi dhá thionscnamh dá rogha féin a mbeidh an Ghaeilge fite fuaite iontu. D’fhéadfadh ábhair mar na hábhair seo a leanas a bheith san áireamh: 

  • Taighde a dhéanamh ar bhunús Gaeilge Logainmneacha Áitiúla 
  • Seanfhocail agus Nathanna Cainte a bhailiú 
  • Dráma Gaeilge a chur ar stáitse 
  • Coinní Puipéad as Gaeilge a óstáil  
  • Méimeanna Gaeilge a chruthú 

Is féidir le príomhoidí scoileanna léirithe spéise a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig teangabheo@kildarecoco.ie agus ní mór na sonraí seo a leanas a bheith san áireamh: 

  1. Ainm na scoile agus ainm(neacha) an mhúinteora/na múinteoirí rang a sé a d’éascódh an tionscnamh. 
  2. Míniú gairid ar an dóigh a mbainfeadh daltaí i rang a sé i do scoilse tairbhe as páirt a ghlacadh i Scéim na bhFáinní
  3. Líon na ndaltaí atá cláraithe i rang a sé sa scoil faoi láthair. 

Dáilfear áiteanna ar 20 scoil bunaithe ar na freagraí a thugtar ar cheist 2, agus déanfar an líon céanna áiteanna a dháileadh sna Ceantair Bhardasacha uile. 

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Scéim na bhFáinní, déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara trí scríobh chuig OGILO@kildarecoco.ie

Scéim na bhFáinní – Irish Language Scheme for Primary Schools across County Kildare 

Scéim na bhfáinní

Developed by Kildare County Council’s Irish Language Committee, Coiste Gaeilge, and supported by Cill Dara le Gaeilge and Conradh na Gaeilge, this initiative aims to encourage and support the increased use of the Irish language among sixth class students, as they prepare for the important transition to post-primary education.   

To participate, teachers are asked to facilitate a six-week programme aiming to increase the amount of Irish spoken by pupils. Content and Language Integrated Learning is central to the programme e.g. Ealaín (Art) through Irish, Corpoideachas (Physical Education) through Irish, Ceol (Music) through Irish etc. As part of the programme, students are required to undertake two Irish language-related projects of their own choosing. These may include: 

  • Researching the Irish origins of Logainmneacha Áitiúla (Local Placenames) 
  • Collecting Seanfhocail agus Nathanna Cainte (Irish Proverbs and Idioms) 
  • Staging a Dráma as Gaeilge (Irish Language Drama) 
  • Hosting Coinní Puipéad (Puppet Meet and Greets) as Gaeilge 
  • Creating Méimeanna Gaeilge (Irish Language Memes) 

Expressions of interest in this scheme can be made by school principals,  by emailing: teangabheo@kildarecoco.ie , including the following details: 

  1. School name and the name(s) of the sixth-class teacher(s) who would facilitate the initiative.
  2. A brief explanation of how sixth-class students in your school would benefit from participating in Scéim na bhFáinní.
  3. The current number of sixth-class students enrolled in your school. 

Places will be allocated to 20 schools  based on the responses to question 2, with an equal number of places distributed across each Municipal District. 

For further details on Scéim na bhFáinní, please contact the Irish Language Officer, Kildare County Council, by e-mailing teangabheo@kildarecoco.ie 

Deiseanna agus Scéimeanna Maoinithe de chuid Eagraíochtaí Eile

Moltar d'eagraíochtaí agus do ghrúpaí pobail súil a choimeád ar na spriocdhátaí d'iarratais ar mhaoiniú chuile bhliain agus déantar iad seo a fhógairt ar na meáin Ghaeilge, ar leathanaigh meán sóisialta agus ar shuíomh gréasáin na n-eagraíochtaí Gaeilge féin. Spreagtar grúpaí pobail Gaeilge le cur isteach ar na deiseanna maoinithe seo d’fhonn tacú le muintir Chill Dara réimsí éagsúla dá saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach de réir mar is toil leo féin.

 

Conradh na Gaeilge.pngCiste-Spreagtha-Logo.jpg

Conradh na Gaeilge 

Moltar do ghrúpaí pobail cur isteach ar Chiste Spreagtha Chonradh na Gaeilge chun maoiniú a lorg d’imeachtaí Gaeilge a reáchtálfar i rith Sheachtain na Gaeilge go háirithe, agus uaireanta ag amanna eile den bhliain. De ghnáth, is le linn mhí na Nollag a bhíonn an spriocdháta le cur isteach ar mhaoiniú d’imeachtaí a tharlóidh le linn Sheachtain na Gaeilge -  mar sin, níor mhór a bheith i mbun pleanála tuairim is cúig mhí roimh an imeacht féin.

  • Grúpaí pobail a chuireann isteach ar an maoiniú d’imeachtaí a bheadh ar oscailt don phobal.
  • Níor mhór a chinntiú go mbeidh cur chun cinn na Gaeilge lárnach sna himeachtaí. 
  • Caithfear gach imeacht a chlárú le Scéal.ie – sceal.ie/claraigh-imeacht 

ℹ️Tuilleadh eolais agus treoracha maidir le hiarratas a chur isteach: Ciste Spreagtha – Seachtain na Gaeilge

 

Foras na Gaeilge Forás na Gaeilge.svg

Tá go leor scéimeanna maoinithe ag Foras na Gaeilge a thacaíonn le heagraíochtaí agus grúpaí pobail an Ghaeilge a chur chun cinn agus deiseanna úsáidte teanga a chruthú in go leor réimsí éagsúla den saol mar shampla Campaí Samhraidh, Sraith Imeachtaí Óige, Féilte agus Turais Teanga agus Oidhreachta, Gnó, Drámaíocht, Scríbhneoireacht, Léitheoireacht agus tuilleadh nach iad. 

 Scéim na gCampaí Samhraidh, Foras na Gaeilge

 Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana – 18 mbliana d’aois) a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a neartú trí mheascán d’imeachtaí.

Is scéim neamhbhrabúsach í seo chun táillí an champa a choinneáil íseal do na daoine óga. De ghnáth, is le linn an earraigh a bhíonn an spriocdháta d’iarratais.

ℹ️Tuilleadh eolais: Scéim na gCampaí Samhraidh 2026 - Foras Na Gaeilge

 Scéim Tacaíochta Gnó 

Tacaíonn an scéim seo le fiontair bheaga agus mheánmhéide chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnólachtaí trí chomharthaíochtpacáistíochtsuíomhanna gréasáin agus ábhar margaíochta clóiteBeidh gnólachtaí incháilithe i dteideal suas go 50% den chostas iomlán a lorg tríd an scéim seo.

Díríonn an scéim seo ar chumasú gnólachtaí brandáil i nGaeilge  go dátheangach a chruthúTabhair faoi dearais ar bhonn aon uaire gur féidir maoiniú meaitseála a lorg ar aon ghné den obair riachtanach chun brandáil chorporáideach do ghnólacht a athrú agus  bheidh ath-iarratais ar an ábhar céanna a bhí maoinithe incháilithe.

ℹ️Tuilleadh eolais: Scéim Tacaíochta Gnó 2026 - Foras Na Gaeilge

Scéim na bhFéilte

Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilgena healaíona Gaeilgena healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge  go dátheangachmar dhlúthchuid den fhéileagus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilgedon mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.

ℹ️Tuilleadh eolais: Scéim na bhFéilte - Foras Na Gaeilge

Scéim na nImeachtaí Óige 

 maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do chláir oiriúnacha imeachtaí óige de dhá sheisiún déag trí Ghaeilge don aos óg idir trí bliana agus ocht mbliana déag d’aois taobh amuigh den Ghaeltacht.

ℹ️Tuilleadh eolais: Scéim na nImeachtaí Oige 2026/2027 - Foras Na Gaeilge

ℹ️Tuilleadh eolais faoi na scéimeanna maoinithe ar fad atá ag Foras na Gaeilge: Scéimeanna maoinithe- Foras Na Gaeilge

Sonraí Teagmhála Fhoras na Gaeilge 

📞01 639 8400

📩eolas@forasnagaeilge.ie

🌐https://www.forasnagaeilge.ie/